Foilsithe ar 

Ceardlann Logainmneacha 2012 seolta ag Donnchadh Mac Fhionnlaoich TD., Aire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta

Sheol Donnchadh Mac Fhionnlaoich TD., Aire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, ceardlann idirnáisiúnta logainmneacha inniu in amharclann

The Helix

, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Bainistiú agus foilsiú sonraí logainmníochta ar líne is téama don cheardlann.

D’eagraigh Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, an cheardlann i gcomhar leis an mBrainse Logainmneacha, an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta. Tá Bunachar Logainmneacha na hÉireann (logainm.ie) á fhorbairt ag Fiontar ó 2007 i leith, i bpáirt leis an mBrainse Logainmneacha. Is suíomh Gréasáin poiblí é logainm.ie a chuireann leaganacha oifigiúla Gaeilge ar fáil le haghaidh tuairim is 100,000 áit ar fud na tíre. Ó seoladh an suíomh sa bhliain 2008, mheall logainm.ie 5.8 milliún amas, tugadh cuairt ar an suíomh 722,102 uair ag 358,702 cuairteoir uathúil. I bhfianaise ról logainm.ie i mbainistiú agus soláthar rochtana ar logainmneacha Gaeilge, is téama tábhachtach é bainistiú agus foilsiú sonraí logainmníochta ar líne do Fiontar agus don Bhrainse Logainmneacha. Tá comhthéacs idirnáisiúnta na ceardlainne tábhachtach sa mhéid go dtugann sé an deis nuálaíocht agus forbairtí a fhiosrú agus smaointe agus saineolas a mhalartú. Tugadh cuireadh do chainteoirí, ó thíortha i gcéin is i gcóngar, páipéir a thabhairt, mar shampla do chainteoirí ón mBreatain Bheag, Albain, An Iorua, An tSualainn, An Fhionlainn, An Eastóin agus Ceanada.

Is é aidhm na ceardlainne seo fóram a sholáthar chun saothar taighdeoirí agus cleachtóirí i réimse na logainmníochta a chur i láthair. Táthar ag súil go spreagfaidh an malartú smaointe ag an gcomhdháil seo (agus tar éis na comhdhála, trí mheán na n-imeachtaí) díospóireachtaí nua (agus b’fhéidir comhpháirtíochtaí fiú) sa réimse spreagúil seo. Díríodh sa cheardlann ar na trí phríomhthéama seo a leanas:

1. Taighde logainmneacha.

 

2. Réitigh theicniúla do bhainistiú sonraí logainmníochta.

3. Réitigh léarscáilíochta, lena n-áirítear (i) Sioncrónú sonraí logainmníochta idir bunachair agus (ii) Sonraí logainmníochta dátheangacha/ilteangacha.

Dúirt an tAire Mac Fhionnlaoich agus an cheardlann seo á seoladh aige: "Tá na cainteoirí ionadaíoch d'eagraíochtaí thar a bheith nuálaíoch in go leor tíortha éagsúla. Tugadh cuireadh dóibh páipéir a chur isteach mar gheall ar a gcion tairbhe comhlántach agus éagsúil don trí théama seo. Tá comhthéacs idirnáisiúnta na ceardlainne seo tábhachtach go háirithe mar dheis chun nuálaíochtaí agus forbairtí a fhiosrú agus chun smaointe agus saineolas a roinnt."

"Táthar ag súil go mbeidh díospóireachtaí nua (agus, b'fhéidir, comhpháirtíochtaí nua) sa réimse spreagúil a bhaineann le bainistiú agus scaipeadh faisnéis logainmníochta ar líne, mar thoradh ar an chomhroinnt smaointe a bheidh ag tarlú ag an gceardlann seo (agus, níos déanaí, trí na Nósanna Imeachta)."