Foilsithe ar 

Clár leasúchán á chur ar aghaidh i gcónaí ag an Aire Quinn agus “Bille um Breisoideachas agus Oiliúint 2013” á fhoilsiú

Beidh SOLAS i gceannas ar an bpróiseas athréimnithe ar an earnáil Breisoideachais agus Oiliúna

Inniu d’fhoilsigh an tAire Oideachais agus Scileanna, Ruairí Quinn T.D., an Bille um Breisoideachas agus Oiliúint 2013.

Déanann an Bille foráil do bhunadh SOLAS, an tÚdarás nua Breisoideachais agus Oiliúna, faoi choimirce na Roinne Oideachais agus Scileanna.

Cuid lárnach é seo den leasú mór ar an earnáil Breisoideachais agus Oiliúna atá á fheidhmiú ag an Aire Quinn agus an Aire Stáit Ciarán Cannon T.D.

Beidh SOLAS i gceannas ar an bpróiseas athréimnithe ar an earnáil agus beidh sé freagrach as cláir a chomhordú agus a mhaoinú ar fud na tíre.

Cuirfidh na Boird nua Oideachais agus Oiliúna agus na soláthraithe eile oiliúint ar fáil go teagmhálach. Tá reachtaíocht ar leith ag dul tríd an Oireachtas faoi láthair chun na 16 Bhord Oideachais agus Oiliúna a chur in ionad na 33 Choiste Gairmoideachais. Chomh maith leis sin tá foráil déanta i mBille SOLAS do FÁS a dhíscaoileadh. Cuirfear ionaid oiliúna FÁS mar atá siad faoi láthair faoi shainchúram na mBord Oideachais agus Oiliúna.

Ag trácht dó ar an ndréacht-reachtaíocht, dúirt an tAire Quinn, “Agus na fadhbanna atá romhainn maidir leis an dífhostaíocht, tá sé níos tábhachtaí ná mar a bhí sé ariamh go mbeadh an earnáil Breisoideachais agus Oiliúna oiriúnach don fheidhm i gcomhair gach foghlaimeora. Creidim go mbeidh fócas fíor-riachtanach ag SOLAS ar an gcuid sin dár gcóras oideachais don chéad uair riamh.

“Cabhróidh SOLAS le Pathways to Work Strategy an Rialtais a chur i bhfeidhm agus beidh fócas ach go háirithe aige ar thacaí dóibh siúd atá dífhostaithe nó dífhostaithe go fadtéarmach.”

Thug an tAire Cannon, atá ina Chathaoirleach ar Ghrúpa Feidhmithe SOLAS, ómós do bhaill eile an Ghrúpa agus do lucht foirne FÁS agus na CGOanna atá ag cur athruithe i bhfeidhm ag an leibhéal áitiúil.

Dúirt an tAire Cannon, “Is den tábhacht é a aibhsiú nach FÁS athbhrandáilte amháin a bheidh i SOLAS.

“Táimid ag foghlaim ón dtaithí a bhí againn le FÁS faoin gcaoi leis an ngníomhairecht nua a fhorbairt; teastaíonn uainn go n-oibreodh SOLAS leis na Boird Oideachais agus Oiliúna agus leis na soláthraithe eile seirbhíse chun feidhm a bhaint as an bhfiúntas atá inár gcóras breisoideachais agus oiliúna agus tuilleadh feabhais a chur air do lucht a úsáide.

“Chun cabhrú leis seo, táimid tar éis éisteacht le lucht foghlama agus lucht foirne agus táimid i gcónaí ag baint úsáide as an ionchur luachmhar a bhí acu agus sinn ag déanamh cinntí.”

Cuireadh críoch ar an bPlean Aicsin do bhunadh SOLAS le déanaí agus tá sé le fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne. Cuimsíonn sé pleananna mionsonraithe d’ionaid oiliúna FÁS a aistriú go dtí na Boird Oideachais agus Oiliúna nuabhunaithe.

Tá an Bille um Breisoideachas agus Oiliúint le fáil le híoslódáil ar shuíomh gréasáin an Oireachtais (www.oireachtas.ie) agus ar shuíomh gréasáin na Roinne (http://www.education.ie/en/The-Education-System/Legislation/Further-Education-and-Training-Bill-2013.pdf)