Foilsithe ar 

CLOIG LE CUR AR AGHAIDH DEIREADH SEACHTAINE AN 29/30 MÁRTA 2014

Ba mhaith leis an Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Cosanta, an tUas. Alan Shatter, TD, a mheabhrú don phobal i gcoitinne go dtosóidh “am samhraidh” ar 1.00 a.m. Meán-am Greenwich Dé Domhnaigh 30 Márta 2014. Is ceart cloig agus uaireadóirí a chur ar aghaidh uair an chloig ag an am sin.

Tiocfaidh deireadh le ham samhraidh ar 1.00 a.m. Meán-am Greenwich Dé Domhnaigh 26 Deireadh Fómhair 2014.