Foilsithe ar 

Cuairt tugtha ag an Aire Stáit Mac Fhionnlaoich ar oifig ghníoomhaireacht na hUltaise i nDún na nGall agus are Ionad Oidhreachta agus Oideachas Monreagh

Thug an tUasal Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D., Aire Stáit na Gaeltachta, cuairt inniu, Dé Luain, 23 Eanáir 2012, ar oifig Ghníomhaireacht na hUltaise i Ráth Bhoth agus ar an Ionad Oidhreachta agus Oideachais Albanach Uladh - Albanach Éireannach i Monreagh, An Carraigín, Co. Dhún na nGall.

Bhí an tAire Stáit, agus Ian Crozier, Príomhfheidhmeannach Ghníomhaireacht na hUltaise, ina theannta, thar a bheith sásta glacadh le cuireadh taithí phearsanta a fháil ar an obair iontach atá ar bun acu sa dá ionad sin chun an oidhreacht agus an cultúr luachmhar a bhaineann leis an traidisiún Albanach-Uladh a chur chun cinn agus chun tacú leis. Seo mar a labhair an tAire Stáit Mac Fhionnlaoich: "Baineann tábhacht ar leith le hobair Ghníomhaireacht na hUltaise i gContae Dhún na nGall, i gcontaetha na teorann agus ar fud oileán na hÉireann, siocair go gcabhraíonn sí le cuid lárnach dár n-oidhreacht chultúrtha luachmhar, mar aon le comhoibriú agus meas méadaithe ar a chéile, a chur chun cinn, rud a rachaidh chun tairbhe dúinn uile. Ba údar mór sásaimh dom a fheiceáil go bhfuil cuspóirí Chomhaontú Aoine an Chéasta á mbaint amach ar bhealach praiticiúil, fiúntach."

Dúirt an tUasal Ian Crozier: "Ní bhaineann sainchúram Ghníomhaireacht na hUltaise le Tuaisceart Éireann amháin. Is é aidhm obair na Gníomhaireachta cultúr Albanach Uladh a chur chun cinn ar fud oileán na hÉireann, agus thar lear, agus ó bunaíodh í tá sí páirteach i réim leathan gníomhaíochtaí a bhaineann leis na téamaí idirghaolmhara de theanga, cultúr, oideachas agus feasacht. Faoi láthair, táthar ag ullmhú roinnt féilte Albanacha-Uladh a reáchtálfar i nDún na nGall sa bhliain 2012 agus tá pleananna ar bun chun scoileanna samhraidh Ultaise a reáchtáil i mí Iúil agus mí Lúnasa 2012."