Foilsithe ar 

€8,000 ceadaithe ag Aire Stáit na Gaeltachta Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D. do Choiste Sheáin Bháin, Baile na Finne chun leabharcheangal a dhéanamh ar bhailiúchán de leabhair luachmhara Gaeilge.

D’fhógair an tAire Stáit ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D. inniu (6ú Aibreán 2012) go bhfuil deontas €8,000 ceadaithe aige do Choiste Sheáin Bháin, Baile na Finne chun leabharcheangal a dhéanamh ar bhailiúchán de leabhair luachmhara Gaeilge.

Dúirt an t-Aire Stáit agus é ag fógairt an deontais go raibh áthas air a bheith in ann a leithéid de dheontas a chur ar fáil do Choiste Sheáin Bháin "Tá luachair orm a bheith in ann cuidiú leis an togra seo. Is togra fíor-phraiticiúil é seo a bheidh chun leasa na Gaeilge i measc mhuintir na Gaeltachta Láir agus go deimhin lasmuigh di. Is sampla eile chomh maith de chur chuige mo Roinne tacú le rudaí praiticiúla ar an talamh a thacaíonn lena bhfuil molta sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge” Dúirt sé chomh maith gur aitheantas ar shaothrú an choiste a bhí sa deontas a chuirfidh ar a bhealach beag féin le caomhnú na Gaeilge agus na litríochta sa Ghaeltacht.