Foilsithe ar 

Fógra eisithe ag an Aire Deenihan ag lorg comhaltaí do Bhord Scannán na hÉireann

Tá Jimmy Deenihan T.D., Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, ag lorg léirithe spéise ó dhaoine a bhfuil na cáilíochtaí agus an taithí chuí acu chun folúntais do phoist neamhfheidhmiúcháin ar an mbord a líonadh i mBord Scannán na hÉireann.

Tá fógra ag lorg léirithe spéise foilsithe ar shuíomh gréasáin na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta.

Tá an tAire Deenihan ag moladh do bhaill den phobal a bhfuil suim acu ann cur isteach ar na poist:

"Le dhá mhí dhéag anuas tá suas le 60 scannán, sraith teilfíse agus clár faisnéise déanta in Éirinn. Tá mé ag iarraidh go mbeadh ról láidir ag earnáil na scannnán i dtéarnamh eacnamaíoch na hÉireann agus mholfainn d'iarrthóirí a chreideann go bhfuil siad cáilithe chun bheith ina gcomhaltaí ar Bhord Scannán na hÉireann iarratas a dhéanamh ionas go bhféadfar a n-ainmneacha a chur san áireamh nuair a thiocfaidh folúntais chun cinn ar an mBord amach anseo."

Ní mór do dhaoine a bhfuil spéis acu ann cur síos a dhéanamh ar a réimse saineolais, ar an taithí agus na cáilíochtaí cuí atá acu, chomh maith le cur síos a dhéanamh ar aon choimhlint leasa a d'fhéadfadh a bheith ann anois nó amach anseo dá gceapfaí ar an mBord iad.

Tá cur síos ar ról agus ar fhreagrachtaí Stiúrthóirí le fáil sa Chód Cleachtais do Rialachas Comhlachtaí Stáit agus is féidir breathnú air sin anseo:

http://per.gov.ie/wp-content/uploads/CODE-OF-PRACTICE-FOR-THE-GOVERNANCE-OF-STATE-BODIES-2009.pdf

Féadfaidh an tAire daoine a cheapadh lasmuigh de na léirithe spéise a gheofar mar thoradh ar an bhfógra seo.

Ní mór léirithe spéise a sheoladh ar ríomhphost chuig eileen.oleary@ahg.gov.ienó i scríbhinn chuig Eileen O'Leary, An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, An Bóthar Nua, Cill Airne, Co. Chiarraí le bheith faighte faoin 5.00pm ar a dhéanaí, ar an Aoine 26ú Deireadh Fómhair 2012.

Is féidir an fógra seo a fheiceáil ar shuíomh gréasáin na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta Cliceáil anseo