Foilsithe ar 

Fógraíonn an tAire Cosanta mionsonraí faoin Searmanas Comórtha chun an 95ú Comóradh ar Éirí Amach na Cásca 1916 a Cheiliúradh, ar Dhomhnach Cásca, an 24 Aibreán 2011

Tionólfar searmanas chun an 95ú Comóradh ar Éirí Amach na Cásca 1916 a cheiliúradh, taobh amuigh d’Ard-Oifig an Phoist , Sráid Uí Chonaill, Baile Átha Cliath, Domhnach Cásca and 24 Aibreán, 2011, ag tosú ag meánlae.

Is í an tUachtarán Máire Mhic Giolla Íosa, An Taoiseach, Enda Kenny, T.D. agus an tAire Cosanta, a bheidh i gceannas ar an searmanas.

Beidh pearsanra de chuid Óglaigh na hÉireann, lena n-áirítear banna práis, banna píobaireachta agus ionadaithe ón Arm, ón Aerchór, ón tSeirbhís Chabhlaigh agus ó na hÓglaigh Cúltaca rannpháirteach sa Searmanas. Críochnóidh an searmanas le tareitilt ón Aerchór.

Ísleofar an Bhratach Náisiúnta ag meánlae agus léifidh Oifigeach de chuid Óglaigh na hÉireann Forógra1916 .

Leagfaidh an tUachtarán fleasc ansin i gcomóradh na ndaoine a bhásaigh i 1916. Beidh nóiméad ciúnais ann.

Tar éis an tsearmanais beidh an tAire Cosanta ina óstach ar fháiltiú d'aíonna ar tugadh cuireadh dóibh, lena n-áireofar gaolta cheannairí 1916.

Tugtar cuireadh don phobal freastal ar an ócáid agus ba chóir dóibh a bheith i láthair san áit féachana phoiblí taobh amuigh d'Ard-Oifig an Phoist faoi 11.15 a.m. Cuirfear scáileáin físe mhóra in airde ar gach aon taobh d'Ard-Oifig an Phoist chun an searmanas a léiriú don phobal.