Foilsithe ar 

Fógraíonn an tAire Stáit Mac Fhionnlaoich deontas reáchtála €67,200 d’Oideas Gael

Tá fógartha ag Aire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D., go bhfuil deontas €67,200 á cheadú aige do Oideas Gael Teo. don bhliain reatha. Is i dtreo na gcostas reatha a bhaineann le reáchtáil an raon cúrsaí a bhíonn ar bun ag an gcuideachta atá an deontas ceadaithe.

Ag fógairt an deontais, dúirt an tAire Stáit go raibh sé an-sásta a bheith in ann an cúnamh seo a chur ar fáil do Oideas Gael arís i mbliana le go mbeidh siad in ann leanúint orthu lena gcuid gníomhaíochtaí.