Foilsithe ar 

Léiriú ar thragóid dhomhanda ollmhór atá sa taispeántas Ground Zero -McGinley

Dé Domhnaigh seo chugainn (9 Meán Fómhair 2012) déanfaidh Aire Stáit na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Dinny McGinley TD, Ground Zero 360° a oscailt go hoifigiúil.  Taispeántas é sin a léiríonn an méid a tharla an 11 Meán Fómhair, 2001 agus ar na laethanta díreach ina dhiaidh sin, nuair a baineadh suaitheadh nach bhfacthas riamh cheana as an domhan iomlán.  Beidh an taispeántas le feiceáil san Ionad Cultúir Réigiúnach, Dún na nGall.

An 11 Meán Fómhair 2001 chuaigh Nicola Mc Clean, Grianghrafadóir Mínealaíne a d’oibrigh don nuachtán Irish Voice newspaper agus don iris Irish America Magazine amach ar shráideanna Nua Eabhrac agus thaifead an léirscrios, an t-easordú agus an t-anbhá a bhí ag briseadh amach timpeall uirthi.

Léiriú siarghabhálach i bhfoirm fuaime agus físe é an taispeántas seo ar na hOibrithe Éigeandála a chuaigh i mbun gnímh, in éineacht leis na céadta fear dóiteáin agus póilíní gairme agus deonacha, tar éis go ndearnadh ionsaí ar an Ionad Trádála Domhanda i gcathair Nua Eabhrac.

Ag labhairt dó roimh an oscailt dúirt an tAire McGinley "Tá ríméad orm go mbeidh an taispeántas seo ar fáil anois do mhuintir Dhún na nGall, suíomh oiriúnach dó, mar gheall ar na naisc go léir atá aige leis an Chontae. Is as Dún na nGall do Paul McCormack, duine de lucht cruthaithe an taispeántais. Tógadh Paul i mBealach Féich agus d’fhreastail sé ar Scoil Náisiúnta an Dubhais agus ar Ghairmscoil Shraith an Urláir sula ndeachaigh sé ar imirce go Nua Eabhrac áit a ndeachaigh sé isteach sna Póilíní i 1990. Bhí sé ag fónamh ina cheannasaí (Leas-Chigire) i Nua Eabhrac an 11 Meán Fómhair, 2001"

"Martin Irwin as Bealach Féich a thógann an taispeántas ó áit go háit ón tús, a chuireann le chéile agus a chuireann in airde, in éineacht le Shane Wallace (Wallace Media) as An Bheart,  a d’fhreastail ar gach ceann de na hoscailtí agus a rinne taifead físe díobh. Tá an taispeántas seo tiomnaithe do dhuine de na daoine a fuair bás an lá sin, Damian Meehan, ar as Baile Dhún na nGall dá mhuintir. Teaghlach mórtasach as Dún na nGall iad muintir Meehan agus tá ardmheas orthu ar fud Nua Eabhrac. Bhí beirt deartháir le Damian sa tSeirbhís Dóiteáin agus bhí deartháir eile sna Póilíní.  Ba dhuine de bhunaitheoirí chumann CLG Dhún na nGall i Nua Eabhrac athair Damian, Mike Meehan, agus bhí sé ina Uachtarán ar Chumann Dhún na nGall thall. In onóir do Damian, tá Gradam Duine na Bliana de chuid an Chumainn á athainmniú mar “Ghradam Damian Meehan” anois, agus táim cinnte go n-aontóidh sibhse go léiríonn sin ómós iomchuí dó."

Dúirt an tAire McGinley leis "Tá ár gcuimhní féin ag gach duine againn ar an lá cinniúnach sin; cá háit a raibh muid, cé leis a raibh muid... ar an drochuair is ‘cén duine a chaill muid’ do chuid againn.  Is dócha nach ndéanfaimid dearmad go deo ar an íomhá de na Twin Towers á n-ionsaí agus ag titim os ár gcomhair amach ar an scáileán teilifíse. Léiriú ar thragóid dhomhanda ollmhór atá sa taispeántas seo - Cuireann sé i gcuimhne dúinn nach féidir linn dearmad a dhéanamh go deo ar na fir agus ar na mná go léir a fuair bás i rith an ionsaithe sin ar an tsaoirse. Is mian liom aitheantas a thabhairt do Paul Mc Cormack atá ag obair go dian ar an taispeántas seo ó chuaigh sé ar scor, in éineacht lena bhean chéile Nicola, chun ómós a léiriú dá chairde agus dá chomhghleacaithe a fuair bás an 11 Meán Fómhair.