Foilsithe ar 

MAOINIÚ DO DHÁ FHÉILE I nDÚN na nGALL - MCGINLEY

Chuir Dinny McGinley TD, an tAire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta fáilte roimh ráiteas a chomhghleacaí Michael Ring TD, an tAire Stáit sa Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt, faoi Leithdháiltí Maoinithe Fáilte Ireland d’Fhéilte don bhliain 2012.

Tá maoiniú leithdháilte ar dhá fhéile atá lonnaithe i nDún na nGall faoin tionscnamh seo.

Gheobhaidh an Rory Gallagher International Tribute Festival thart ar €20,000 agus tá €50,000 le leithdháileadh ar Fhéile Ealaíon na hEaragaile.

Le linn don Aire McGinley fáilte a chur roimh an bhfógra, dúirt sé: “Tá ríméad orm go bhfuil an maoiniú seo faighte ag an Rory Gallagher International Festival. Meastar Rory Gallagher a bheith ar cheannródaí Rac-cheoil agus Gormacha na hÉireann agus tá clú agus cáil air i gcónaí ar fud na cruinne mar gheall ar na seónna beo bríomhara, fuinniúla a chuireann sé ar stáitse. Is teistiméireacht ar mhórobair an choiste deonaigh go mbeidh grúpaí Rac-cheoil agus Gormacha mar Horslips i measc na bpríomhghrúpaí ag an Rory Gallagher International Tribute Festival i mbliana, féile 4 lá a bheidh ar siúl i mBéal Átha Seanaidh. Meallann an fhéile seo líon mór cuairteoirí, as Éirinn agus as tíortha eile, agus cuireann sí go mór le geilleagar an phobail áitiúil.”

“Is ócáid í Féile Ealaíon na hEaragaile ar féidir linn go léir a bheith bródúil aisti agus cabhróidh an maoiniú €50,000 seo go mór leis an bhféile, a bhfuil fás tagtha uirthi ó thaobh sármhaithis agus ó thaobh cáilíochta, bliain i ndiaidh bliana. Déanann an fhéile uathúil seo ceiliúradh ar gach atá go maith faoi cheol, drámaíocht, físealaíona agus teanga dhúchais Dhún na nGall. Cuireann sí ardán iontach ar fáil chun mianach mór ealaíonta agus raon leathan tallainne Dhún na nGall a léiriú, agus chun an éagsúlacht chultúir a cheiliúradh ” a dúirt an tAire Stáit McGinley.