Foilsithe ar 

Oscailt oifigiúil ar Éigse Uladh ag an Aire Stáit Mac Fhionnlaoich

Dúirt an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D. go bhfuil am dúshlánach roimh phobail Ghaeltachta agus é ag caint ag oscailt oifigiúil Éigse Uladh i nGaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall inniu (9 Márta 2012).

Ag tagairt don Bhille Gaeltachta 2012 atá á dhréachtú faoi láthair, dúirt an tAire Stáit Mac Fhionnlaoich go dtabharfaidh an reachtaíocht seo sainmhíniú nua don Ghaeltacht a bheidh bunaithe feasta ar chritéir theangeolaíocha seachas ar chritéir thíreolaíocha mar atá faoi láthair. Dúirt an tAire Stáit go mbeidh deis ag na pobail Ghaeltachta an lámh a bheith acu ar an stiúir maidir le pleananna teanga a ullmhú dá gceantair féin agus go mbeidh rannpháirtíocht agus comhoibriú ón bpobal agus ó eagraíochtaí pobail ríthábhachtach don phróiseas seo.

"Is am dúshlánach a bheidh ann do phobail Ghaeltachta ach tá mé cinnte, leis an fhís agus an fhuinneamh a fheicimse agus mé ag dul thart go dtí na ceantair Ghaeltachta, go bhfuil siad réidh don dúshlán sin," a dúirt an tAire Stáit.

Thréaslaigh an tAire Stáit leis an gcoiste áitiúil as éigse den scoth a eagrú agus dúirt sé go raibh lúcháir air an deis a fháil léargas a thabhairt ar na gníomhaíochtaí éagsúla atá ar bun ag a Roinn chun cuidiú le buanú agus le neartú na Gaeilge i gcomhthéacs na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge.