Foilsithe ar 

Osclaíonn an t-Aire Stáit Mac Fhionnlaoich T.D., Halla Pobail Colmcille, Baile na Finne, Co Dhún na nGall

Dúirt an tAire Stáit inné (11ú Márta 2012) “is cuspóir lárnach é de chuid an Rialtais forbairt gheilleagrach, fhisiciúil agus shóisialta a chur chun cinn i gceantair Ghaeltachta agus an Ghaeilge a láidriú mar phríomhtheanga an phobail sa Ghaeltacht trí chur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge.”

Is áis atá ann a thabharfaidh deis do dhaoine áitiúla agus a gcuid páistí teacht le cheile agus am a chaitheamh i dtimpeallacht shábháilte. Beidh sé ina chuidiú fosta ó thaobh cuairteoirí agus turasóirí a mhealladh chun na háite chomh maith. Is sár-shampla é an t-ionad seo den obair gur féidir le coiste éifeachtach a chur i gcrích nuair a chuirtear chuige go dúthrachtach. Is sampla breá é seo fosta den phobal agus den earnáil phoiblí ag comhoibriú lena chéile.

“B’éigean don phobal áitiúil airgead mór dá gcuid féin a chur isteach sa togra seo. Tá an-chreidiúint agus buíochas tuillte ag achan duine – iad siúd a chruinnigh airgead agus iad siúd a thug airgead le croí mór maith. Freisin tá lúcháir ormsa go raibh sé ar chumas na Roinne cuidiú agus tacaíocht de €331,000 a thabhairt don togra tábhachtach seo atá ag freastal ar an phobal iomlán, idir óg agus aosta, idir fhir agus mhná” arsa Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D., Aire Stáit do Gaeltachta,

Is cuid lárnach d'oidhreacht na tíre í an Ghaeilge agus is acmhainn thábhachtach í sa Ghaeltacht, ach go háirithe. Tá sé fíor-thábhachtach go mairfidh an Ghaeilge sa cheantar seo chun an t-aitheantas Gaeltachta a choinneáil.

Mar fhocal scoir ag an oscailt oifigiúil d’athluaigh an t-Aire ‘Tá obair iontach déanta ag an gcoiste áitiúil chun feabhas a chur ar an saol sóisialta, cultúrtha agus eacnamaíochta sa cheantar seo agus tá mé cinnte go mbainfidh an pobal áitiúil lán úsáide agus tairbhe as an áis seo sna blianta fada amach romhainn. Tá éacht déanta ag Coiste Forbartha Halla Pobail Cholmcille agus rachaidh toradh a gcuid iarrachtaí dúthrachtacha chun sochair an phobail agus cuirfidh sé borradh faoin Ghaeilge arís sa cheantar.”