Foilsithe ar 

Príomh-Aoire an Rialtais agus an tAire Stáit sa Roinn Cosanta i láthair ag Searmanas Coimisiúnaithe Airm an 87ú Rang Daltaí Airm.

D’fhreastail Príomh-Aoire an Rialtais agus an tAire Stáit sa Roinn Cosanta, an tUas. Paul Kehoe TD, ar Shearmanas Coimisiúnaithe Airm an 87ú Rang Daltaí an Airm inniu (Déardaoin 8 Márta 2012) sa Scoil Mhíleata i gCampa an Churraigh, Co. Chill Dara.

An Ceann Foirne, an Leifteanant-Ghinearál Seán McCann, a chuir fáilte roimh an Aire chuig an gCampa.

Tá an 87ú Rang Daltaí an Airm comhdhéanta de 21 comhalta d’Óglaigh na hÉireann agus de 3 chomhalta d’Fhórsaí Armtha Mhálta.

Rinne an tAire comhghairdeas leis na hoifigigh nua-choimisiúnaithe agus dúirt go bhfuil na scileanna a theastaíonn uathu chun aghaidh a thabhairt ar an iliomad dúshlán éagsúil a bheidh rompu mar oifigigh óga ina n-aonad nua acu anois de bharr na 15 mí traenála atá faighte acu.

Agus aitheantas á thabhairt aige don timpeallacht eacnamaíoch reatha, mhol an tAire an nuachóiriú agus an éifeachtúlacht nach beag atá bainte amach ag Óglaigh na hÉireann le blianta beaga anuas. Lean an tAire air ag rá gur eol don Rialtas na héilimh atá á ndéanamh ar Óglaigh na hÉireann mar gheall ar an ngá atá le hathstruchtúrú a dhéanamh ar an eagraíocht ach go raibh sé tiomanta cabhrú an oiread agus is féidir le cumas Óglaigh na hÉireann feidhmiú go héifeachtach i ngach ról atá sannta orthu a chosaint.

Luaigh an tAire imscaradh an 106ú Cathlán Coisithe chuig Fórsa Eatramhach na Náisiún Aontaithe sa Liobáin (UNIFIL) agus dúirt sé go bhfuil an t-imscaradh beartaithe do mhí Bealtaine na bliana seo agus go dtabharfar faoi i gcomhar le Fórsaí Armtha na Fionlainne.

Mhol an tAire díograis agus tiomantas chomhaltaí na Scoile Daltaí chomh maith.