Foilsithe ar 

Ráiteas ón Aire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D., maidir le cúrsaí Cásca d'ábhair oidí sa Ghaeltacht

Tá eolas maidir leis an líon ábhair oidí a d’fhreastail ar chúrsaí sa Ghaeltacht le linn na Cásca i mbliana foilsithe inniu (12 Aibreán 2013) ag an Aire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D. Ón mbliain seo ar aghaidh, ní foláir do na hábhair oidí sna coláistí oiliúna múinteoirí freastal ar dhá chúrsa coicíse – tréimhse ceithre seachtaine san iomlán – sa Ghaeltacht chun cáilíocht a bhaint amach mar mhúinteoir bunscoile. Is cúrsa amháin 3 seachtaine a bhíodh i gceist roimhe seo.

San iomlán, d’fhreastail 1,313 ábhair oidí ar chúrsaí sa Ghaeltacht um Cháisc i mbliana, lena n-áirítear:

· 789 duine i nGaeltacht na Gaillimhe;

· 85 duine i nGaeltacht Mhaigh Eo;

· 419 duine i nGaeltacht Chiarraí; agus

· 20 duine i nGaeltacht Phort Láirge.

“Taispeánann na figiúirí seo an ról lárnach atá ag na coláistí Gaeilge sa Ghaeltacht ó thaobh cur chun cinn na Gaeilge go náisiúnta, chomh maith le bheith ina n-acmhainn fíor-thábhachtach don Ghaeltacht. Tá sé an-tábhachtach go bhfuil an tréimhse a chaitheann na hábhair oidí sa Ghaeltacht méadaithe go ceithre seachtaine ón mbliain seo ar aghaidh, i gcomhréir leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Táim ag súil go rachaidh an cur chuige úr leis na hábhair oidí ag leanúint clár sainithe do theagasc teanga chun sochair dóibh agus iad ag feidhmiú mar mhúinteoirí bunscoile amach anseo,” a dúirt an tAire Stáit.

Faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge, íocann an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta deontas leis na teaghlaigh Ghaeltachta a chuireann lóistín ar fáil do na hábhair oidí a fhanann ar iostas leo le linn na gcúrsaí seo. Tá comhoibriú leanúnach idir an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, na coláistí Gaeilge sa Ghaeltacht trí CONCOS, an scáth-eagraíocht a fheidhmíonn ar son na gcoláistí Gaeilge, agus na coláistí oiliúna múinteoirí.