Foilsithe ar 

Ról nua na nÚdarás Áitiúil maidir le Cruthú Post - Hogan

Mar chuid de Chlár Gnímh an Aire Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil, Phil Hogan chun an Rialtas Áitiúil a Athchóiriú Rialtais Áitiúil, Tús Áite do na Daoine, beidh ról nua agus níos mó ag Údaráis Áitiúla i bhForbairt Eacnamaíoch Áitiúil. Ag seoladh na straitéis post agus fiontar an rialtais áitiúil – Ag Tacú le Téarnamh Eacnamaíoch agus le Poist - go hÁitiúil – dúirt an tAire: “Is creat tábhachtach í an straitéis seo d’údaráis áitiúla a bheidh ag forbairt straitéisí áitiúla ar mhaithe le téarnamh eacnamaíoch agus le tacú le fiontair a bhrúfaidh an Plean Gnímh do Phoist chun cinn.”

“Cuireann údaráis áitiúla seirbhísí riachtanacha ar fáil le go mbeidh rath ar ghnólachtaí. Bíonn ceangal ag an gcóras rialtais áitiúil ar bhealach amháin nó ar bhealach eile le gach uile ceann den cheathrú milliún fiontar atá ag feidhmiú in Éirinn ar fud na tíre, ó na cuideachtaí ollmhóra ilnáisiúnta go dtí gnólachtaí beaga teaghlaigh. Gan na seirbhísí riachtanacha arna mbainistiú agus arna gcur ar fáil ag údaráis áitiúla, bheadh sé an-deacair ag na fiontair sin dul i mbun gnó. Díreoidh straitéis post agus fiontar an rialtais áitiúil ar chabhrú leis an líon is mó is féidir de na gnólachtaí sin poist a chruthú agus a choinneáil sa timpeallacht trádála thar a bheith dúshlánach ina bhfuil siad faoi láthair. Chomh maith leis sin, cuireann údaráis áitiúla a réimsí féin chun cinn go láidir agus cuireann siad ceannaireacht ar fáil ag an leibhéal áitiúil chun tacú leis na hearnálacha turasóireachta, cultúir agus tráchtála.” Áirítear ar shamplí de shárchleachtas sa Straitéis maidir lena bhfuil ar siúl cheana féin –

· Ionad réiteach “cathair chliste” bunaithe i mBaile Átha Cliath ag Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath i gcomhpháirtíocht le IBM, agus tá 200 taighdeoir ard-oilte fostaithe ann. Tarraingíonn an togra seo aird ar an úsáid a d’fhéadfaí a bhaint as foinsí sonraí oscailte chun feidhmchláir ardteicneolaíochta a fhorbairt, chun deiseanna nua maidir le fiontraíocht, gnólachtaí nua-thionscanta agus naisc le hinstitiúidí tríú leibhéal a chur chun cinn.

· Clár Chomhairle Chontae Bhaile Átha Cliath Theas, Link 2B Active ag cabhrú le 30 soláthróir saoráide spóirt áitiúla a dtairiscintí ar phraghsanna laghdaithe a fhógairt do dhaoine dífhostaithe.

· Tá os cionn 1,000 duine páirteach sa chlár ó bunaíodh é.

· Clár infheistíochta caipitil €4.5m á chómhaoiniú ag Comhairle Chontae Dhún na nGall, Fáilte Ireland agus an Clár EU INTERREG Iva. Tá an clár le bheith críochnaithe in 2013, agus is éard atá i gceist leis Sliabh Liag a fhorbairt mar thionscadal turasóireachta ollmhór chun 180,000 cuairteoir in aghaidh na bliana a mhealladh

· D'oibrigh Comhairle Chontae an Chabháin le comhpháirtithe trasteorann chun an chéad Gheopháirc UNESCO ar an domhan a fhorbairt ina mbeidh Áirse Mharmair i bhFear Manach, Binn Chuilceach, Log na Sionna, agus Boirinn sa Chabhán. 250,000 an líon iomlán cuairteoirí in 2011, lenar áiríodh 13,000 leanbh scoile, agus tiocfaidh méadú ar an líon sin de réir mar a dhéanfar tuilleadh infheistíochta.

· Tá comhoibriú ar bun idir údaráis áitiúla Lú, SEAI, FÁS, EI, Cumainn Lucht Tráchtála agus gnólachtaí áitiúla chun tacaíocht bainistithe fuinnimh ar an láthair a chur ar fáil do ghnólachtaí ar fud Chontae Lú. Tá sé mar aidhm ag an tionscnamh go mbainfeadh 60 gnólacht comhchoigilteas €500,000 (10%) amach ar chostais fuinnimh in aghaidh na bliana.

· D’éascaigh Comhairle Chontae Luimnigh do 49 miondíoltóir i lár na cathrach rátaí laghdaithe páirceála cairr a cheannach ó oibreoirí carrchlóis, le go mbeadh siad in ann páirceáil saor in aisce a thairiscint do lucht siopadóireachta, bunaithe ar an méid airgid a chaithfeadh siad. Bhí miondíoltóirí agus lucht siopadóireachta ar aon dearfach faoin togra.

· Tá Comhairle Chontae Phort Láirge ag tabhairt faoi thionscadal ceannródaíoch a chuimsíonn athnuachan iomlán a dhéanamh ar bhloc mór maoine tráchtála tréigthe i gcroílár Chathair Phort Láirge.

Go príomha, is trí chónascadh de Scéim na bPrintíseach Iomarcach agus de Scéim Fostaíochta Pobail a thugtar faoin tionscadal athnuachana seo.

Tagann an straitéis seo leis an tuarascáil sárchleachtais ar Thacaíocht ó Údarás Áitiúil d’Fhiontar agus do Ghnó – Anailís ar Theimpléad Eacnamaíocha Chumann na mBainisteoirí Contae agus Cathrach. Cuirfidh an dá cháipéis sin uirlisí éifeachtacha ar fáil d'údaráis áitiúla lena gcuid gníomhaíochtaí d'fhorbairt eacnamaíoch ina gceantair áitiúla a fheabhsú agus a neartú. Áirítear sa straitéis earnálach bearta i réimsí muirear gnó, socruithe tacaíochta d’fhiontar agus do ghnó áitiúil, tacaíocht soláthair, tionscnaimh d’fhorbairt áitiúil agus pobalbhunaithe, an Geilleagar Glas agus rannpháirtíocht an rialtais áitiúil i scéimeanna tacaíochta fostaíochta. Tá sé beartaithe go gcuirfeadh na bearta sin le gníomhartha eile atá leagtha amach i bPlean Gnímh an Rialtais maidir le Poist, agus go gcabhródh siad leis na gníomhartha sin a chur i gcrích ag an leibhéal áitiúil. Foilsíodh dréacht-straitéis i mí Meithimh agus chuir comhchomhairle le príomh-gheallseabhóirí forbairt na cáipéise straitéise deiridh ar an eolas. “Táim ag súil le gach údarás áitiúil a gcuid oibre sa réimse seo a mhéadú agus a fhairsingiú chun an líon is mó post is féidir a chruthú agus chun an fhostaíocht atá ann cheana féin a choimeád" a dúirt an tAire mar fhocal scoir.

Déanfar seirbhísí tacaíochta fiontair áitiúla a lánpháirtiú le húdaráis áitiúla mar thoradh ar an ról nua, níos mó sin i bhforbairt eacnamaíochta agus i dtacaíocht fiontair, agus cuirfear ardán láidir ar fáil i ngach údarás do ról eacnamaíochta na n-údarás áitiúil trí Oifigí Fiontair Áitiúla – nó LEOanna – a bhunú i ngach údarás.

Glacfaidh na LEOanna ról na mBord Fiontair Contae orthu féin agus feidhmeoidh siad ina n-aonaid uileghnó don earnáil micrifhiontair agus mionghnó, ag cur tacaíocht dhíreach fiontair ar fáil agus comhordú a dhéanamh ar rochtain ar sheirbhísí eile do ghnólachtaí.