Foilsithe ar 

Seolann Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D., an tAire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Féile SiarScéal 2013 i Ros Comáin

Seolfaidh Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D., an tAire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, an seachtú Féile SiarScéal i Leabharlann Ros Comáin ag 10am maidin amárach (Dé Sathairn, 9 Márta).

Labhróidh Ambasadóir Cheanada Loyola Hearn ag an ócaid freisin, agus is iad Méara Ros Comáin Tom Crosby agus Leabharlannaí an Chontae Richie Farrell a bhronnfaidh na duaiseanna. Beidh léachtaí agus ceardlanna á reáchtáil ar feadh an lae ag Eleanor McGrath, údar agus stiúrthóir scannán ó Thalamh an Éisc, agus ag Ann Joyce, file ó Shligeach. Cuirfidh mic léinn ó Scoil Náisiúnta na Mainistreach ceardal ‘Filíocht le Ceol’ i láthair d’Ambasadóir Cheanada.

Is féile dhátheangach ilghnéitheach í SiarScéal a dhéanann comóradh ar stair, ar sheanchas, agus ar chultúr na ndaoine agus na tuaithe ón tSuca go dtí an tSionainn. Cuireann an fhéile réimse leathan imeachtaí ar fáil do mhuintir na háite máguaird.

Is é Tóstal Éireann/The Gathering a bheidh á cheiliúradh go speisialta ag Féile SiarScéal 2013, agus is é an Tóstal is téama do Chomórtas Liteartha Hanna Greally i mbliana. Bronnfar Corn Cuimhneacháin Ger Hanily ar an scríbhneoir is fearr a chuireann in iúl a bhród as Ros Comáin mar áit dhúchais i gcomhthéacs seo an Tóstail.

Tacaíonn Foras na Gaeilge le féilte fud fad na tíre faoi Scéim na bhFéilte agus is eiseamláir den scoth é Féile SiarScéal, a chuimsíonn cur chun cinn na Gaeilge agus cur chun cinn na n‑ealaíon araon.

Dúirt an tAire Stáit Mac Fhionnlaoich: “Cúis áthais dom Féile SiarScéal a oscailt. Tá bród ormsa mar Aire Gaeltachta gur chuidigh tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge leis an Fhéile seo, ach is mó ná sin mo mheas ar an choiste eagraithe agus ar an iomad duine nach iad a d’obair go deonach dícheallach leis na míonna agus leis na blianta anuas chun an Fhéile seo a chur ar bun. Ní baol do na healaíona in Éirinn a fhaid is atá a leithéid seo de dhíograis ag pobail áitiúla ar nós lucht na Féile seo.”