Foilsithe ar 

€104,500 ceadaithe ag an Aire Stáit Joe McHugh chun seirbhís lastas trom a sholáthar do Thoraigh

Tá curtha in iúl ag an Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, Joe McHugh, T.D., inniu go bhfuil deontas €104,500 ceadaithe aige do Chomharchumann Thoraí d’fhonn seirbhís lastas trom a sholáthar do Thoraigh don tréimhse 2018 – 2020. Seasfaidh an tseirbhís a bheidh á cur ar fáil ag Cara na nOileán Teo ó 1 Meitheamh 2018 go dtí 31 Bealtaine 2020. Faoin socrú, cuirfear suas le 38 seoladh lastas trom ar fáil don oileán in aghaidh na bliana.

Dúirt an tAire Stáit McHugh go raibh an-áthas air fógra mar seo a dhéanamh.

Táim sásta go bhfuil ar mo chumas an fógra seo a dhéanamh inniu. Léiríonn sé go bhfuilim féin agus mo Roinn tiomanta an caighdeán agus líon seirbhísí don oileán a fheabhsú

a dúirt an tAire Stáit.

Chuir an tAire leis:

Is é an conradh nua dhá bhliain seo do sheirbhís lasta trom, an ceann is déanaí i sraith tionscnamh dírithe ar nascacht a fheabhsú go hOileán Thoraigh. Tá plé idir mo Roinn agus Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (HSE) i dtaobh leathnú seirbhíse héileacaptar Thoraigh ar siúl agus is gné amháin pleananna chun aersheirbhísí a leathnú de na naisc iompair atá ag feabhsú le hOileán Thoraí. Mar atá luaite sa Phlean Forbartha Náisiúnta, táimid tiomanta freisin bád farantóireachta nua-aimseartha a dhearadh don oileán sna blianta amach romhainn. Tá tús curtha le hobair chomhairliúcháin ar an tionscadal, rud a chuimsigh baill Comharchumann Thoraí ag taisteal go Reachlainn chun foghlaim ón taithí ansin.

Le bliain anuas, tá an Rialtas tar éis seirbhísí héileacaptair a dhúbailt go hOileán Thoraí agus uaidh, leis an eitilt isteach is amach ón oileán ó uair sa choicís go uair sa tseachtain.