Foilsithe ar 

€1,073,863 ceadaithe ag an Aire Stáit Joe McHugh chun oibreacha caipitil a dhéanamh ar oileáin éagsúla ar fud na tíre

Tá curtha in iúl ag an Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, Joe McHugh, T.D., inniu go bhfuil deontas de €1,073,863 ina iomláine ceadaithe aige chun oibreacha feabhsúcháin a chur i gcrích ar oileáin éagsúla ar fud na tíre.  Is do Chomhairlí Contae Shligigh, Chorcaí, Mhaigh Eo, Dhún na nGall agus na Gaillimhe atá na deontais ceadaithe mar seo a leanas:  Beidh na Comhairlí Contae ag cur cómhaoinithe ar fáil. Tá comhráití fós ar bun ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta le Comhairle Contae na Gaillimhe maidir le hoibreacha eile a bheidh le cur i gcríoch ar oileáin na Gaillimhe. Is iad na hoileáin atá i gceist ná Inis Uí Mhaolchluiche i gContae Shligigh, An tOileán Mór, Inis Fada, Faoide, Baoi agus Inis Arcáin i gContae Chorcaí, Inis Toirc, Cloigeann agus Cliara i gContae Mhaigh Eo, Árainn Mhór, Oileán an Bhráighe agus Toraigh i gContae Dhún na nGall agus Árainn, Inis Oírr agus Inis Bó Finne i gContae na Gaillimhe.  I measc na dtograí atá á maoiniú, cuirfear héileapad ar fáil in Inis Toirc, áis a chuirfidh go mór le saol  an phobail.  Cuirfear maoiniú ar fáil le feabhas a chur ar 21 bhóthar ar fud an chósta.  Tá liosta iomlán de na hoibreacha ar fáil ag Aguisín 1 thíos. Dúirt an tAire Stáit McHugh go raibh an-áthas air fógra mar seo a dhéanamh. 

“Léiríonn an fógra seo inniu an spéis atá ag mo Roinn agus ag an Rialtas pobail inmharthanachta a chothú ar na hoileáin amach ón gcósta,” a dúirt an tAire Stáit. “Mar chuid de Phlean Forbartha Náisiúnta an Rialtais, beidh infheistíocht de €27milliúin á dhéanamh ag mo Roinn in infreastruchtúr mara oileánda as seo go ceann 10 mbliana. Is ar mhaithe le feabhas a chur le saolta phobail na n-oileán agus le rochtain chuig na hoileáin atá a leithéid seo d’infheistíocht á dhéanamh agus chun  tacú le forbairt na thurasóireachta orthu chomh maith.  Tá ár n-oileáin ag croílár ár gcultúr agus léiríonn an infheistíocht seo an luach ollmhór atá againn ar na pobail speisialta seo.” 

Comhairle Chontae Shligigh

€18,750

Comhairle Contae Chorcaí

€313,500

Comhairle Contae Mhaigh Eo

€339,000

Comhairle Chontae Dhún na nGall

€359,000

Comhairle Chontae na Gaillimhe

€43,613

Sligeach

 

Maoiniú R/EOG

Inis Uí Mhaolchluiche

Obair cothamhála ar an ché

€9,375

Inis Uí Mhaolchluiche

Cóiriú dromchla - 800m den L-7506-0

€9,375

€18,750

Corcaigh

 

Maoiniú R/EOG

Inis Arcáin

Cóiriú dromchla agus obair feabhsúcháin - 250m den L-4201-0 agus obair draenála

€9,000

Inis Arcáin

Dromchla úr ar 700m agus cóiriú dromchla ar 700m den L-8201-0

€47,250

Inis Arcáin

Dromchla úr ar 500m den L-8202-0

€26,250

Faoide

Cóiriú dromchla & oibreacha gaolmhara - 750m den L-4701-7 agus obair draenála

€52,500

Faoide

Dromchla úr agus oibreacha gaolmhara ar 400m den L-8702-0

€21,000

An tOileán Mór

Dromchla úr ar 1,320m den bhóthar L-4922-0

€63,750

Inis Fada

Dromchla úr ar 650m, cóiriú dromchla ar 950m den L-44077 agus L44077-1

€48,750

An tOileán Mór

Balla coinneála & carr clós beag

€18,750

Oileán Baoi

Dromchla úr & oibreacha gaolmhara ar 500m den L-8201-32

€26,250

€313,500

Maigh Eo

 

 

Inis Toirc

Talamh a cheannach agus héileapad a fhorbairt

€174,000

Inis Toirc

Balla cosanta ag cuan "Purtoon"

€15,000

Cliara

Dromhcla úr ar 1,000m i dtreo an séipéal

€112,500

Cloigeann

Dromchla úr agus coiriú dromchla ar 500m, agus oibreacha gaolmhara

€37,500

€339,000

Dún na nGall

 

Maoiniú R/EOG

Oileán na Bhráighe

Pointeáil ar 160m den bhalla cosanta

€22,500

Machaire Rabhartaith

Craein úr

€75,000

Árainn Mhór

Dromchla ar 650m are L-9033-1

€52,500

Toraigh

Craein úr

€75,000

Árainn Mhór

Droichead úr ar bhóthar Bhaile Ard

€33,750

Árainn Mhór

Comhairle a fháil ar speiceas ionrach a thógáil as suíomh agus plean a réiteach

€1,500

Árainn Mhór

Dromchla ar 540m ar Bhóthar Scréig

€39,750

Árainn Mhór

Obair draenála agus bitmac ar 420m den L-9063-1

€39,000

Arainn Mhór

Cothabháil riachtanach ar Bhóthar an Teach Solais

€20,000

€359,000

Gaillimh

 

Maoiniú R/EOG

Inis Bó Finne

Obair cothabháil ar bothar na céibhe

€750

Inis Bó Finne

Obair cothabháil ar 360m de Bhóthar Clossey

€17,250

Inis Bó Finne