Foilsithe ar 

€1.76m de mhaoiniú á fhógairt ag an Aire Humphreys le bronnadh, trí Chultúr Éireann, ar ealaíona Éireannacha ar fud an domhain

D’fhógair an tAire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta, Heather Humphreys TD, inniu (Dé Luain) go bhfuil níos mó ná €1.76m ceadaithe le healaíona na hÉireann a chur chun cinn ar fud an domhain in 2017 trí Chultúr Éireann.

Tá 135 tionscadal san iomlán á maoiniú, rud a thabharfaidh deis d’ealaíontóirí Éireannacha imeachtaí a chur ar bun i 35 tír ar fud an domhain. Tagann sé sna sála ar ghairm oscailte le haghaidh iarratais ó ealaíontóirí Éireannacha, eagraíochtaí ealaíne agus láithreoirí idirnáisiúnta. Áirítear leis an maoiniú €860,000 do chomhlachtaí a oibríonn i gcomhpháirtíocht le Cultúr Éireann chun deiseanna a chur ar fáil d’ealaíontóirí Éireannacha thar lear.

Ar phríomhfhaighteoirí an chistiúcháin do 2017 tá an Centre Culturel Irlandais i bPáras, a gheobhaidh €180,000 chun comóradh 15 bliana an tsainchomhartha cultúrtha sin a cheiliúradh ar an bhliain seo chugainn le sraith imeachtaí an-speisialta.

Ag labhairt di inniu dúirt an tAire Humphreys:
“Mar gheall ar an tacaíocht a chuireann Cultúr Éireann ar fáil cinntítear go n-éiríonn le healaíona na hÉireann an lucht éisteachta agus féachana is mó agus is éagsúla is féidir a bhaint amach ar fud an domhain. Tarraingíonn ár n-ealaíontóirí aird ar Éirinn agus leathnaíonn siad an iomrá atá orainn as barr feabhais ó thaobh na cruthaitheachta agus na healaíne de.

“Anuraidh, d’éirigh le himeachtaí a fuair tacaíocht ó Chultúr Éireann lucht féachana de cheithre mhilliún go leith duine a bhaint amach, agus ghin siad 260 post lánaimseartha. Tá sé fíorthábhachtach d’ealaíontóirí na hÉireann a gcuid saothar a chur ar taispeáint thar lear, ó Dhún Éideann go Nua Eabhrac agus Sydney. Cabhraíonn sé leo a lucht féachana a mhéadú sa bhaile agus thar lear.

“An tseachtain seo caite, sheol an Rialtas Éire Ildánach, tionscnamh ealaíon agus cultúir an-uaillmhianach do na cúig bliana amach romhainn. Dírítear le Colún 5 an phlean ar ár n-iomrá ar fud an domhain a aontú; beidh ról an-tábhachtach ag Cultúr Éireann i mbaint amach na sprice sin. I bhfianaise an chúlra polaitiúil idirnáisiúnta atá ag athrú go sciobtha, sílim go bhfuil sé níos tábhachtaí ná mar a bhí riamh go gcabhraíonn muid lenár n-ealaíontóirí a gcuid oibre a chur ar taispeáint do lucht féachana idirnáisiúnta.”

Nótaí do na hEagarthóirí:

Tá liosta iomlán na dtionscadal ar fáil [anseo].

Ar na buaicphointí tá:
Ar na príomhfhaighteoirí tá an Centre Culturel Irlandais i bPáras, ar ar bronnadh €180,000 chun cur ar chumas an tsainchomhartha cultúrtha seo comóradh 15 bliana a cheiliúradh ar an bhliain seo chugainn le sraith d’imeachtaí an-speisialta ina gclár fómhair chomh maith leis an ngnáthchlár fairsing d’imeachtaí.

Mar chuid dá mhaoniú, leathnóidh First Music Contact rannpháirtíocht na hÉireann i mórthaispeántais idirnáisiúnta ceoil, le béim faoi leith ar SXSW (Austin, Texas) chun cur leis na deiseanna nua atá cruthaithe aige do cheoltóirí Éireannacha ar fud an domhain.

Tá ról an-tábhachtach ag an Irish Arts Center NY i saol cultúrtha Nua Eabhrac, ag déanamh teagmháil leis an diaspóra agus ag cruthú lucht féachana nua d’ealaíontóirí Éireannacha, agus tá tacaíocht á cur ar fáil do chlár atá an-láidir. Áirítear leis sin an chéad taispeántas i Meiriceá de ‘ROOMS’ le Enda Walsh, i gcomhar le St. Ann’s Warehouse, a chuirfidh ‘Arlington’ le Enda Walsh ar an stáitse ag an am céanna.

Tacóidh Institiúid Scannán na hÉireann le láithreacht leathnaithe ag féilte/séasúir idirnáisiúnta de scannáin na hÉireann, clár fairsing de chláir do Lá Fhéile Pádraig agus beidh láithreacht níos mó ag Litríocht Éireann ag aonaigh leabhar idirnáisiúnta (Londain, Frankfurt, Goteberg agus Beijing) agus ag sraith d’imeachtaí a bhaineann le haistriúchán mar chuid d’Fhéile Litríochta Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath chomh maith le leanúint lena gcuid oibre chun rochtain a thabhairt do lucht léitheoireachta an domhain ar litríocht na hÉireann trí bhíthin an aistriúcháin.