Foilsithe ar 

€2.7m ceadaithe d’Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ag an Aire Stáit Seán Kyne TD

D’fhógair Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin,Seán Kyne TD, inniu (14 Nollaig) go bhfuil deontas suas le €2.7m ceadaithe aige don Údarás um Ard-Oideachas le leithdháileadh ar Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge chun cur ar a gcumas leanúint le raon cúrsaí trí mheán na Gaeilge a chur ar fáil sna trí ionad Gaeltachta atá acu - i nGaoth Dobhair, i gCarna agus ar an gCeathrú Rua. Is ionann an t-allúntas seo agus €900,000 in aghaidh na bliana acadúla don tréimhse 2018/19, 2019/20 agus 2020/21.

Is mar chuid de chur i bhfeidhm bhearta 2.7, 2.19 agus 3.13 an Phlean Gníomhaíochta 2018-2022 don Ghaeilge atá an t-allúntas á cheadú.

Mar chuid den chlár oibre atá comhaontaithe leis an Acadamh, tá beartaithe clár teanga agus oiliúna don réimse luathoideachais a fhorbairt a mbeidh mar chuspóir aige tacú leis an oiliúint chuí a chur ar fáil trí Ghaeilge do chleachtóirí luathoideachais atá ag obair i naíonraí sa Ghaeltacht agus taobh amuigh di. Faoin gcur chuige atá aontaithe leis an Acadamh, cuirfear gearrchúrsaí i sealbhú agus saibhrú teanga, mar a bhaineann sé leis an réimse luathoideachais ar fáil sna hionadh Ghaeltachta de chuid an Acadaimh atá lonnaithe i nGaoth Dobhair, ar an gCeathrú Rua agus i gCarna agus forbrófar clár léinn níos leithne le freastal ar an earnáil thábhachtach seo

Ag fógairt an deontais, le linn cuairte ar ionad an Acadaimh ar an gCeathrú Rua, dúirt an tAire Stáit Kyne: “Le ceadú an allúntais seo, tá mo Roinn ag déanamh beart de réir briathair mar a bhaineann sé cur i bhfeidhm an Phlean Gníomhaíochta 2018-2022 don Ghaeilge. Is údar áthais é go bhfuil an Roinn ag cur leis an gcomhpháirtíocht atá bunaithe le fada leis an Acadamh, ar mhaithe le deiseanna oideachais tríú leibhéal a chur ar fáil trí Ghaeilge in ionaid Ghaeltachta na hollscoile. Nuair a chuirtear san áireamh go mbaineann breis agus dhá mhíle mac léinn tairbhe bhliantúil as an raon cúrsaí a bhíonn á riar ag an Acadamh sna trí ionad Gaeltachta atá acu - agus a chuireann fostaíocht ar fáil do bhreis agus 80 duine faoi scáth an Acadaimh - is léir go bhfuil leas á bhaint as infheistíocht na Roinne, atá ar leas na Gaeilge agus na Gaeltachta.”

I gcomhréir lena bhfuil luaite i mbeart 2.19 den Phlean Gníomhaíochta - go ndíreofar ar fhorbairt a dhéanamh ar oiriúnú a dhéanamh ar na cláir éagsúla chun tacú tuilleadh le cur chun cinn an phróisis pleanála teanga - tá aontaithe ag an Roinn leis an Acadamh go gcuirfear raon cúrsaí ar fáil ar mhaithe le tacú tuilleadh le cur i bhfeidhm an phróisis pleanála teanga mar a bhaineann sé leis na ceantair Ghaeltachta, na Bailte Seirbhíse agus na Líonraí Gaeilge.

Is ionann an t-allúntas trí bliana €2.7m seo agus an t-allúntas a ceadaíodh don tréimhse 15/16, 16/17 agus 17/18.

Tá tuilleadh eolais ar fáil faoin bPlean Gníomhaíochta 2018-2022 ar: www.chg.gov.ie.