Foilsithe ar 

€2.7m ceadaithe d’Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ag an Aire Stáit McHugh

D’fhógair an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh T.D., inniu (18 Samhain 2015) go bhfuil deontas de €2.7m ceadaithe aige don Údarás um Ardoideachas le leithdháileadh ar Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, OÉ Gaillimh, le cur ar a gcumas dóibh leanúint ag soláthar raon cúrsaí trí mheán na Gaeilge sna trí ionad Gaeltachta atá acu i nGaoth Dobhair, i gCarna agus ar an gCeathrú Rua do na blianta 2015/2016, 2016/2017 agus 2017/2018.

Ag fógairt an deontais dó, dúirt an tAire Stáit McHugh: “Cuireann an tAcadamh go mór leis na deiseanna oideachais trí mheán na Gaeilge atá ar fáil do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta agus bíonn tionchar dearfach aige ar shaol sóisialta, geilleagrach, cultúrtha agus teanga na bpobal sin trí chéile.” Tá sé mar chuid de straitéis an Acadaimh go ndéanfar méadú de réir a chéile ar líon na modúl Gaeilge atá ar fáil mar chuid de chláir fhochéime i gColáiste na nDán, na hEolaíochta Sóisialta agus an Léinn Cheiltigh agus go mbeidh an tAcadamh comhtháite laistigh den choláiste sin in OÉ Gaillimh. “Tá sé tábhachtach go mbeidh socruithe nuálacha den chineál seo ag teacht chun cinn in áit soláthar traidisiúnta sa réimse seo,” a dúirt an tAire Stáit.

Ina theannta sin, dúirt an tAire Stáit: "Tá cúrsaí éagsúla á soláthar ag an Acadamh atá ag freastal ar riachtanais ar leith ó thaobh na Gaeilge de in Éirinn agus san Aontas Eorpach. Tríd an Dioplóma sa Phleanáil agus Buanú Teanga atá á thairiscint acu arís i mbliana i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta, táthar ag cumasú muintir na Gaeltachta ionas gur féidir leo ceannas a ghlacadh ar thodhchaí na pleanála teanga sa Ghaeltacht faoi Acht na Gaeltachta 2012."