Foilsithe ar 

€502,500 ceadaithe ag Seán Kyne T.D. do Lárionad na Gaeilge, Ollscoil Mhá Nuad thar an tréimhse acadúil 2016/17 - 2018/19

D’fhógair Seán Kyne T.D., an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, inniu go bhfuil deontas suas le €502,500 ceadaithe aige do Lárionad na Gaeilge, Ollscoil Mhá Nuad.

Baineann an €382,500 den deontas atá ceadaithe inniu le Teastas Eorpach na Gaeilge (TEG) a dhearadh agus oiliúint a chur ar scrúdaitheoirí sa tréimhse acadúil 2016/17-2018/19. Cuirtear an scrúdú TEG ar fáil go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta. Anuas air seo, tá €120,000 ceadaithe ag an Aire Stáit don tréimhse chéanna chun cur ar chumas na hOllscoile Oifigeach Riaracháin a cheapadh le déileáil leis an méadú ar an líon iarrthóirí a thugann faoin scrúdú TEG.

Ag fógairt an deontais dó, dúirt an tAire Stáit Kyne:
“Tá mé an-sásta go raibh ar chumas mo Roinne deontas a chur ar fáil do Lárionad na Gaeilge in Ollscoil Mhá Nuad ó 2008 i leith. Tá sárobair á déanamh ag Lárionad na Gaeilge chun siollabas céimnithe a chur ar fáil d‘fhoghlaim agus do theagasc na Gaeilge de réir an Fhráma Tagartha Comónta Eorpach. Tuigim go bhfuil TEG á theagasc anois in ionaid éagsúla ar fud na hÉireann, i bPáras, i Nua-Eabhrac, in Ottawa, i Sydney agus i bPrág na Seice. Chomh maith leis sin, reáchtáiltear scrúduithe do dhaltaí meánscoile agus don tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí. Tuigim gur thug suas le 600 iarrthóir faoin scrúdú TEG anuraidh agus go bhfuil gá anois le post Oifigeach Forbartha a chruthú de bharr na forbartha sin.

“Tá an oiliúint a chuirtear ar fáil ó Lárionad na Gaeilge rí-thábhachtach, go háirithe i gcomhthéacs deireadh a bheith curtha leis an maolú ar an nGaeilge san Aontas Eorpach sna blianta amach romhainn. Beidh deiseanna iontacha ann chun slí bheatha thairbheach idirnáisiúnta a bhaint amach agus cuideoidh cúrsaí TEG le líon na ndaoine leis na scileanna cuí chun freastal ar na riachtanais sin a ardú.”

Is faoin Straitéis 20-Bliain don Ghaeilge 2010-2030 atá an maoiniú seo á cheadú.