Foilsithe ar 

€5 mhilliún de mhaoiniú ceadaithe ag an Aire Stáit Ring le haghaidh Bearta Sábháilteachta agus Clóis Spraoi faoi CLÁR

D’fhógair  Michael Ring T.D., an tAire Stáit um Fhorbairt Eacnamaíoch Réigiúnach sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta, sonraí inniu (13 Meitheamh 2017) de bheagán faoi bhun €5 mhilliún de mhaoiniú do Bhearta Sábháilteachta agus do Chlóis Spraoi faoin scéim CLÁR mar chuid de Phlean Gníomhaíochta an Rialtais um Fhorbairt Tuaithe. 

 

Ag labhairt dó inniu, dúirt an tAire Ring:

“Tá an-áthas orm a bheith in ann an €5 mhilliún de mhaoiniú seo a fhógairt chun tacú le scoileanna agus le pobail ar fud cheantar tuaithe na hÉireann chun feabhas a chur ar shábháilteacht an phobail i gcóngaracht dá n-áiseanna, chomh maith le maoiniú chun áiteanna spraoi a fhorbairt agus a fheabhsú i bpobail faoin tuath.

 

Bainfidh réimse éagsúil tograí leas as an maoiniú seo agus déanfar oibreacha feabhsúcháin i mbailte agus i sráidbhailte beaga timpeall ar a gcuid scoileanna agus a n-áiseanna pobail. Tá sé tábhachtach freisin go gcuirfeadh muid áiteanna ar fáil do pháistí i gceantair iargúlta faoin tuath ina bhféadfaidh siad bheith ag spraoi go sábháilte agus sásamh a bhaint as a n-óige.”   

 

Lean an tAire Stáit lena cuid cainte:

“Is ó na pobail iad féin a tháinig na tionscnaimh faoi na bearta seo, i gcomhar lena n-údaráis áitiúla, agus is sampla maith iad den obair is féidir a dhéanamh nuair a chomhoibríonn pobail agus údaráis áitiúla lena chéile. Tá mórán de na scoileanna agus na pobail ag obair agus ag bailiú airgid le fada an lá chun tacú leis na tograí seo agus tá an-áthas orm a bheith in ann maoiniú CLÁR a chur ar fáil chun gur féidir na hoibreacha fiúntacha seo a chur i gcrích. Tacóidh na tograí críochnaithe le tuismitheoirí, múinteoirí agus a bpobail chun a chinntiú go bhfuil timpeallachtaí sábháilte agus slán acu inar féidir lena bpáistí foghlaim agus spraoi.”

 

Tá CLÁR á mhaoiniú ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta agus is cuid é de Phlean Gníomhaíochta an Rialtais um Fhorbairt Tuaithe.

Tagann an maoiniú a fógraíodh do na tionscadail CLÁR seo sna sála ar fhógraí maoiniúcháin a rinneadh le déanaí, arbh fhiú beagnach €2 mhilliún é, faoi bhearta eile den scéim CLÁR a thacaigh le hinfreastruchtúr spriocdhírithe pobail agus le céadfhreagróirí éigeandála deonacha.