Foilsithe ar 

€600,000 de mhaoiniú á fhógairt ag an Aire Humphreys le bronnadh, trí Chultúr Éireann, ar ealaíona Éireannacha ar fud an domhain

D’fhógair an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys TD, inniu (Dé Máirt) €600,000 de mhaoiniú ó Chultúr Éireann, a thabharfaidh deis do 117 ealaíontóir agus eagraíocht ealaíon de chuid na hÉireann a gcuid saothar a chur ar taispeáint ar fud an domhain in 2017 agus 2018.

Leis na tionscadail, a chlúdaíonn sorcas, damhsa, scannánaíocht, litríocht, ceol, amharclannaíocht agus na hamharcealaíona, cuirfear ar chumas ealaíontóirí Éireannacha a gcuid saothar a chur ar taispeáint i 35 thír éagsúla agus cur le cáil mhór dhomhanda na hÉireann as an gcruthaitheacht.

Ar na buaicphointí tá léiriúcháin amharclannaíochta shuntasacha ar nós Hamnet, Chekhov’s First Play agus LIPPY, á léiriú ag Dead Centre san Ollainn, sa tSeoirsia, i bPoblacht na Seice, san Iodáil agus sa Rúis o mhí Lúnasa go deireadh mhí na Samhna 2017, dráma le hUna McKevitt, “Alien Documentary”, in Leeuwarden na hÍsiltíre, Príomhchathair Chultúir na hEorpa 2018, i mí na Bealtaine 2018 agus léiriú de "Shh! We have a plan” le Cahoots NI in ionaid ar fud na Stát Aontaithe agus Cheanada i mí na Bealtaine 2018 freisin.

Tá spéis á léiriú ar fud an domhain i dtaispeántas na hÉireann ag Biennale Ealaíne na Veinéise 2017, “Tremble Tremble” le Jesse Jones, agus cuirfear ar taispeáint é in LASALLE’S Institute of Contemporary Arts, Singeapór ó thús mhí na Samhna 2017 go deireadh mhí Eanáir 2018 sula dtabharfar go Dún Éideann é lena chur ar taispeáint ó Dheireadh Fómhair 2018. Beidh amharc-ealaíontóirí eile in ann dul i bhfeidhm ar lucht féachana fairsing agus dírithe trí chuir i láthair i ngailearaithe mór le rá mar chuid d’aonaigh ealaíon i Shang-hai, Miami agus Basel.

Ag labhairt di inniu, dúirt an tAire Humphreys:
“Tá spéis in ealaíontóirí na hÉireann ag dul i méid i gcónaí agus mar gheall ar a láithreacht ar fud an domhain cuirtear láidreacht chruthaitheacht na hÉireann ina luí ar lucht féachana ar fud an domhain. Is sampla amháin é an díriú ar Éirinn ag an 20ú Féile Scríbhneoirí i Singeapór i mbliana den spéis mhór i lucht ealaíon na hÉireann.

“Mar chuid den bhabhta maoinithe seo tá tacaíocht láidir á tabhairt do cheoltóirí Éireannacha chun dul ar camchuairt i SAM, san Eoraip agus san Astráil, lena n-áirítear, mar shampla, an tríréad óg as Baile Átha Cliath, Hare Squead, atá ag tabhairt faoi chamchuairt san Eoraip le linn Deireadh Fómhair agus mhí na Samhna 2017, agus beidh píobairí uilleann ag seinm in áiteanna ar fud an domhain lena n-áirítear an Ríocht Aontaithe, an Airgintín agus Singeapór le Lá Idirnáisiúnta na Píobaireachta Uilleann a chomóradh ar an 4 Samhain 2017.”


Nótaí don Eagarthóir:

Is féidir liosta iomlán na dtionscadal a fheiceáil anseo.