Foilsithe ar 

€66,245 milliún ceadaithe ag an Aire Ring chun tacú le Mountain Rescue Ireland

D'fhógair an tAire um Fhorbairt Eacnamaíoch Réigiúnach sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta, an tUasal Michael Ring T.D., inniu go bhfuil maoiniú de €66,245 á sholáthar chun tacú le hobair ríthábhachtach Mountain Rescue Ireland.

Tá méadú suntasach tagtha ar rannpháirtíocht i ngníomhaíocht amuigh faoin aer le blianta beaga anuas agus tá cuid mhaith den ghníomhaíocht sin ar thalamh ard, áit a mbíonn níos mó daoine ag tabhairt faoi chnocadóireacht, sléibhteoireacht agus ailleadóireacht.

Ag labhairt inniu, dúirt an tAire Ring: “Aithním go hiomlán agus tuigim an méid a dhéanann an 12 fhoireann Tarrthála Sléibhe ar fud na tíre agus na hoibrithe deonacha díograiseacha go léir atá ar fáil ar an bpointe boise chun déileáil le raon leathan na nglaonna ó Chuardach agus Tarrtháil go Cabhair Dhaonnúil agus tá lúcháir orm bheith in ann cabhrú le Mountain Rescue Ireland.”

Tá an maoniú á fhógairt mar chuid de chlár forbartha tuaithe an Rialtais lena n-áirítear infheistiú de luach €7.5 milliún i dtionscadail Áineasa Tuaithe, beagnach €10 milliún atá á infheistiú i scéim Athnuachana Bailte agus Sráidbhailte, infheistiú de €5.3 milliún i Scéim na gCriosanna Forbartha Geilleagraí Tuaithe 2016 (REDZ) agus an scéim CLÁR a athosclaíodh le déanaí agus ina bhfuil €8.2 milliún á infheistiú.