Foilsithe ar 

485 milliún bliain de carraigeacha an Daingin

Seoladh Suirbhéireacht Gheolaíochta Éireann (SGE) treoirleabhar allamuigh nua, agus léarscáil geolaíoch 1:50,000 de Leithinis an Daingin ag ócáid in Óstán na Sceilge, Dé Céadaoin 23ú Bealtaine ag a 7in. Treoróidh an leabhar snasta seo, thar 246 leathanaigh ildaite, geolaí nó aineolaí go mealltach agus go mion tríd na suíomhanna tábhachtacha i scéal Leithinis an Daingin.

Is 485 milliún bliain ó shin a cuireadh tús le stair geolaíochta Leithinis an Daingin, am ina raibh Éire sa domhain theas. Insíonn na carraigeacha scéal an aistir ó thuaidh a rinneamar trí fharraigí tanaí, bolcán-ghníomhaíocht, doimhneacht an aigéin, agus aimsir thrópaiceach. Léiríonn siad fianaise chomh maith de chruthú sléibhte, éascadh, filleadh, agus iontaisí den saol a bhí ann. Tá an tírdhreach mar a fheiceann muid inniu é de bharr oighearshruthanna ag dul siar 2.5 milliún bliain. Is ceantar speisialta do geolaithe é Leithinis an Daingin de bharr go bhfuil teacht ar iontaisí a scéal casta, thar achar ghearr taobh na farraige. Idir geolaíoch na háite, agus fórsa an Aigéin Atlantach tá cósta ar leith ag Ciarraí, rud a mheallann turasóirí agus daoine áitiúla.

Scríobhadh Geolaíocht Leithinis an Daingin - treoirleabhar le cion agus fonn ag beirt geolaithe clúiteacha: an t-Ollamh Emeritus Ken Higgs, Coláiste na hOllscoile Corcaigh; agus an t-Ollamh Emeritus Brian Williams, Ollscoil Obar Dheathain. Tá blianta oibre déanta ag an mbeirt sa cheantar, agus neart scoláirí múinte agus spreagtha acu ar thránna, cuainíní agus iomairí Leithinis an Daingin. Is do Ralph Horne, iar-leas-stiúrthóir de chuid Suirbhéireacht Gheolaíochta Éireann, atá an leabhar tiomnaithe, fear a chuir go mór leis an tuiscint geolaíochta atá againn ar Leithinis an Daingin. Sé’n méid a bhí le rá ag Koen Verbruggen, Stiúrthóir SGE, ag an seoladh ná:

“Is leabhar iontach é seo, ina bhfuil áileacht Leithinis an Daingin agus tábhacht na geolaíochta curtha in iúil, chomh maith le bunús agus eolaíocht na carraigeacha leagtha amach ar bhealach atá intuigthe do geolaithe agus don gnáthdhuine.”

Iniata leis an dtreoirleabhar tá léarscáil geolaíoch nua den leithinis ar scála 1:50,000. Sé an Dr Brian McConnell, GSI, a chuir in eagair iad, Ionad cartagrafaíocht GSI a chruthaigh iad, agus iad curtha i gcló ag GSI.

Is in 1845 a bunaíodh Suirbhéireacht Gheolaíochta Éireann, le geolaíocht na hÉireann a léarscáiliú, agus le tuiscint a fháil ar a h-acmhainn mhianrach. Is trí shiúl na gcos fud fad na tíre a rinneadh an léarscáiliú ar dtús, na carraigeacha uilig marcáilte ar léarscáil 6 n-orlach a bhí nua-fhoilsíodh ag Suirbhéireacht Ordanáis, chomh maith le sceitsí agus cur síos ar mionsonraithe na carraigeacha. Is bunchloch ár gcuid oibre inniu an t-eolas sin, agus muid ag baint úsáid as báid, eitleáin, dróin agus druileanna le cuir leis. Is cuid de Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide & Comhshaoil é SGE. Rinneadh léarscáiliú ar Leithinis an Daingin ar dtús ag George Victor Du Noyer. Is ábhair ealaíonta iad a chuid léarscáileanna chomh maith le hábhar eolaíochta, agus bhí roinnt dá chuid bun-cháipéisí á thaispeáint i Áiléar Crawford, Corcaigh, agus beidh arís i nDún Uí Choileáin, Baile Átha Cliath, go luath.

Seoladh an leabhar in Óstán na Sceilge, Dé Céadaoin an 23ú Bealtaine ag a 7i.n., agus beidh an leabhar ar fáil go háitiúil agus ar www.gsi.ie a €20.