Tá sé fógartha ag Anaclanna Dúlra an Ghleanna Ghairbh go bhfuil éan óg Iolair Mara scaoilte amach ansin, an dara ceann i gCo. Chorcaí ó thús na bliana. Tugadh 100 éan iolair mara isteach go hÉirinn as an Iorua idir 2007 agus 2011 mar chuid de chlár chun an speiceas aitheanta seo a thabhairt ar ais in Éirinn ó tharla iad i léig le céad bliain roimhe sin. Is ó Black P (an ceann baineann) agus Blue W (an ceann fireann), péire den 100 éan sin, an ceann óg seo a scaoileadh amach.
Is tionscnamh i gcomhar an tionscadal Iolair Mhara idir Seirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra na Roinne Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus Iontaobhas an Iolair Fíréan i gcomhar leis an NorskInstitutt for Naturforskning (NINA) agus Cumann Éaneolaíoch na hIorua. An Dr Allan Mee atá ag bainistiú an tionscadail.
Ainneoin brú ó Covid-19, tá radharc ón spéir ag na Maoir ar a bhfuil ag tarlú. Dúirt an Maor Clare Heardman:
Tá srianta móra curtha ag Covid-19 ar an méid monatóireachta is féidir linn a dhéanamh i mbliana agus mar sin tá an t-ádh dearg orainn go bhfuil an ceamara seo feistithe le gur féidir linn súil a choinneáil go cianda ar nead an Ghleanna Ghairbh.
Is cúis áthais dúinn i mbliana gur féidir linn roinnt den spraoi a bhaineann le bheith ag féachaint ar na hiolair sa nead a roinnt le pobal níos mó. Tá go leor daoine coinnithe sa bhaile faoi láthair agus mar sin tá súil agam go mbainfidh daoine, cibé áit a bhfuil siad, sult as an léargas seo ar an dúlra agus go nglacfaidh siad misneach as.
Rinneadh an tréimhse goir, díreach sular scaoileadh amach an t-éan, a shruthú beo ar cheamara gréasáin. An tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra, le cead ón OPW, a chuir suas an ceamara.
Tá iolair ag neadú sa Ghleann Garbh ó 2013. Trí bliana ina dhiaidh sin, scaoil dhá iolar sa nead seo an chéad éan amach i gCo. Chorcaí le céad bliain. Eddie a tugadh air. Chuir iolar óg baineann, ar ar tugadh P, an ruaig ar an gcéad iolar baineann (Green D) in 2018. Níor scaoil an t-iolar óg baineann agus ceann fireann a bhí ann aon éan amach in éineacht go dtí anois. Gan an t-am a bheith cóiriúil agus drochaimsir, Stoirm Hannah san áireamh, ba chúis leis sin agus mar sin tá na Maoir thar a bheith sásta gur éirigh leo i mbliana.
Tá na hiolair nua a tugadh isteach á mbunú féin agus ag pórú de réir a chéile agus tá thart ar dhá phéire dhéag anois ar fad ar fud Chontae Chorcaí, Contae Chiarraí, Tiobraid Árann agus Contae na Gaillimhe. An t-iolar mara an tríú éan is mó in Éirinn agus a bhfuil réise sciathán de suas le 2.45m aige. Bíonn na cinn bhaineanna timpeall is 40 faoin gcéad níos mó ná na cinn fhireanna agus d’fhéadfadh siad a bheith suas le 7kg meáchain.
• Chun féachaint ar an gceamara láithreáin beo, cliceáil anseo
• Is féidir teacht ar a thuilleadh eolais faoi stair iolair an Ghleanna Ghairbh agus iarrachtaí póraitheanseo
• Chun teacht ar fhíricí faoi iolair mhara: cliceáil anseo
• Déanfar nasc chuig an scéal chomh maith le híomhánna a fhoilsiú ar láithreán gréasáin na Roinne.