Foilsithe ar 

An Bille um an Seachtú Leasú is Tríocha ar an mBunreacht (Cion a aisghairm arb éard é ní diamhaslach a fhoilsiú nó a aithris), 2018

Tá ordú déanta ag an Uas. Eoghan Ó Murchú. T.D., an tAire Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil, inniu ag ceapadh Dé hAoine 26 Deireadh Fómhair, 2018 mar lá na vótaíochta ar an reifreann 5maidir le moltaí leasuithe a dhéanamh ar an mBunreacht mar atá sa Bhille um an Seachtú Leasú is Tríocha ar an mBunreacht (Cion a aisghairm arb éard é ní diamhaslach a fhoilsiú nó a aithris), 2018. Is é seo an lá céanna le toghchán an Uachtaráin 2018.

Beidh vótaíocht ar siúl idir 7am agus 10pm. Is ionann líon iomlán na dtoghthóirí i láthair na huaire agus 3.3 mhilliún. 

Cibé do thuairim maidir leis na moltaí sna reifrinn, an féidir liom an deis seo a ghlacadh chun spreagadh a thabhairt do vótálaithe dul go dtí a n-ionad vótaíochta i rith na tréimhse 15 uair an chloig an 26 Deireadh Fómhair agus an deis a thapú a dtuairimí a chur in iúl sna reifreann,

a dúirt an tAire.

Le vótáil sa reifreann ní mór duit a bheith i do shaoránach de chuid na hÉireann a chomhlíonann na coinníollacha cáilitheacha, lena n-áirítear a bheith 18 bliana d’aois nó os a chionn lá na vótála agus gnáthchónaí a bheith ort ag an seoladh ag ar mian leat a bheith cláraithe.  Má tá tú ar an gclár agus gur bhog tú chuig seoladh nua le deireanaí, féadfaidh tú iarratas a dhéanamh tú a chur ar an bhforlíonadh ag do sheoladh nua. 

Ba cheart do dhaoine atá incháilithe le vóta a chaitheamh nach bhfuil cláraithe agus is mian leo vóta a chaitheamh ag an reifreann foirm iarratais a chomhlánú chun iad a chur ar an bhforlíonadh. Tá na foirmeacha sin ar fáil ó Chomhairlí Cathrach, Comhairlí Contae, nó Comhairlí Cathrach agus Contae (na húdaráis chlárúcháin) nó ar líne ag www.checktheregister.ie. Ní mór foirmeacha comhlánaithe a bheith faighte ag an údarás clárúcháin sa cheantar ina bhfuil cónaí ort faoin Dé Máirt 9 Deireadh Fómhair, 2018.

Ní mór iarratas le dul ar an bhforlíonadh don Chlár a bheith sínithe ag an iarratasóir i láthair chomhalta den Gharda Síochána as stáisiún Gardaí áitiúil an iarratasóra agus ní mór don Gharda sin a bheith sásta maidir le céannacht an té sin sula ndéanfaidh sé/sí an fhoirm a shíniú, a dhátú agus a stampáil.  D’fhéadfadh an Garda aitheantas grianghrafadóireachta nó eile a iarraidh.  Sa chás go gcuireann an t-iarratasóir in iúl i scríbhinn nach féidir leis/léi dul chun cinn leis an iarratas ar an tslí seo féadfaidh an t-iarratasóir an fhoirm a shíniú i láthair oifigeach de chuid an údaráis chlárúcháin atá sásta maidir le céannacht an iarratasóra.  Arís, d’fhéadfaí aitheantas céannachta nó eile a iarraidh.  Mura bhfuil ceachtar rogha thuas indéanta de bharr tinneas fisiciúil nó míchumas fisiciúil ní mór deimhniú liachta a bheith leis an bhfoirm. 

Sa chás go bhfuil duine i dteideal vótáil tríd an bpost, nó mura bhfuil sé/sí ábalta a theacht i láthair le vótáil de bharr tinneas coirp nó míchumas coirp agus go bhfuil sé/sí ina chónaí/cónaí in ospidéal, i dteach altranais nó i bhforas dá leithéid, agus nach bhfuil sé/sí ar Liosta na bPostvótálaithe ná ar Liosta na Vótálaithe Speisialta, mar is cuí, féadfaidh sé/sí fós iarratas a dhéanamh  go dtí an Dé Luain 1 Deireadh Fómhair 2018 le bheith curtha ar an bhforlíonadh do na liostaí sin. Tá foirmeacha iarratais ar fáil ó Chomhairlí Cathrach, Comhairlí Contae agus Comhairlí Cathrach agus Contae. 

Tá Barry Ryan, Príomhoifigeach sa Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil, ceaptha ag an Aire ina ceann comhairimh ar an reifreann.