Foilsithe ar 

An Chéad Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn ar Fheidhmiú Phlean Gníomhaíochta Closamhairc foilsithe ag an Aire Madigan

Tá an Chéad Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn ar Fheidhmiú an Phlean Gníomhaíochta Closamhairc foilsithe ag an Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Josepha Madigan, T.D. inniu.

Tá moltaí sa phlean 10 mbliana Rialtais seo do hocht réimse beartais chun go mbeidh Éire ina ceannródaí san earnáil closamhairc agus chun infheistíocht agus léiriúchán a chur chun cinn i scannáin, drámaíocht teilifíse agus anamúlacht. 

I measc na bpríomhnithe atá bainte amach ó seoladh an plean i Meitheamh 2018 tá:

  • Síneadh curtha leis an bhfaoiseamh cánach do thionscal na Scannán faoi Alt 481 go dtí an bhliain 2024, chomh maith le hathruithe chun riar an fhaoisimh sin a fheabhsú.
  • Cuidiú d'Fhorbairt Réigiúnach Scannán a thabhairt isteach. Cuirfidh sin faoiseamh cánach breise ar fáil chun léiriú scannán a spreagadh sna ceantair.
  • Maoiniú breise do scannáin lánfhada agus do dhrámaí teilifíse - tháinig ardú 17% ar an maoiniú a cuireadh ar fáil d'Fhís Éireann i mbuiséid 2019 agus 2020 chun tacú le níos mó infheistíochta i scannáin lánfhada agus i ndrámaí teilifíse.

Chuir Fís Éireann tús le scéim mhaoinithe do Léiriú Drámaí Teilifíse in 2019 a chur deiseanna ar fáil do shraitheanna ar nós Darklands, sraith atá ar na bacáin, Normal People, a scríobh an t-údar as Éirinn Sally Rooney agus a stiúr an stiúrthóir as Éirinn Lenny Abrahamson a fuair ainmniúchán d'Oscar agus an tsraith ghrinn/drámaíochta The South Westerlies atá á léiriú faoi láthair.

  • Oiliúint agus forbairt scileanna níos fearr - Chuir Screen Skills Ireland tús le cláir dheimhnithe, ‘Creative Leadership’ agus ‘Advanced Producers’ ina measc (i gcomhpháirtíocht le hOllscoil Teicneolaíochta (TU) Bhaile Átha Cliath).
  • Margaíocht níos fearr ar earnáil chlosamhairc na hÉireann - Athraíodh ainm Scáileán Éireann, leathnaíodh an cúram a bhí air agus fógraíodh pleananna go mbeidh ionadaí lonnaithe in Los Angeles ó 2020 ar aghaidh chun caidrimh leis na stiúideonna agus na comhlachtaí léiriúcháin is mó chun cinn ar domhan a fhorbairt.   
  • Shínigh Éire Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir le Comhléiriú Cineamatagrafaíochta athbhreithnithe níos luaithe sa mbliain, chun comhphairtíocht ar chomhléiriúcháin le tíortha eile san Eoraip a éascú.
  • IP closamhairc a fhorbairt - In 2019 d'óstáil Fiontar Éireann ceardlanna ar anamúlacht IP a thráchtálú don Ríocht Aontaithe agus don AE agus óstálfaidh siad imeacht eile in 2020. 
  • Grúpa Stiúrtha ardleibhéil ar a bhfuil Rannaí Rialtais chuí agus Comhlachtaí Stáit a bhunú chun an cur i bhfeidhm a chur chun cinn.

Dúirt an tAire Madigan,

Tá ard-mheas ag an Rialtas seo ar chumas cultúir, cruthaíoch agus eacnamúil thionscal closamhairc na hÉireann. Is cruthúnas an tuairisc seo ar an dul chun cinn maith atá á dhéanamh i dtreo Éire a bheith ina mol domhanda maidir le léiriú Scannán, Drámaíocht Teilifíse agus Anamúlacht Tá lán-mhuinín agam go mbainfidh muid an sprioc 24,000 post closamhairc atá leagtha síos agus luach na hearnála a mhéadú go €1.4 billiún amach.

Tá go leor bainte amach againn le 16 mhí anuas, tá síneadh curtha le Alt 481 chomh maith leis na hoibleagáidí uas-scilithe a chomhlíonadh ina measc .

Ní dhéanfaí an dul chun cinn seo murach tacaíocht láidir na Rannaí Rialtais, ach go háirithe, Airgeadais, Oideachas agus Eolaíocht, Cumarsáid, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil agus Gnó, Fiontair agus Nuálaíochta, gníomhaireachtaí Stáit agus níos tábhachtaí fós páirtithe leasmhara an tionscail closamhairc. Tá fáilte curtha acu roimh na hathruithe agus éireoidh linn chomh fada agus go bhfuil a dtacaíocht againn.

Tá an tuarascáil iomlán ar fáil anseo.