Foilsithe ar 

An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ag cuidiú le cúrsaí fostaíochta – an tAire Stáit McHugh

Tá sé fógartha ag an Aire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Joe McHugh, T.D., i bhfianaise fhoilsiú an Phlean Gníomhaíochta um Fhostaíocht 2016 inniu, go bhfuil a Roinn ag obair ar réimse gníomhartha chun cuidiú le fostaíocht a chruthú, ach go háirithe i gceantair Ghaeltachta.

Dúirt an tAire Stáit McHugh :
“Faoi stiúir an Aire Bruton, tá an Rialtas ag gníomhú go láidir chun cúrsaí fostaíochta a fheabhsú tuilleadh. Tá plean lárnach ag an Rialtas faoin Phlean Gníomhaíochta um Fhostaíocht 2016. Cé go bhfuil cuid mhór oibre fós le déanamh againn, tá sé soiléir go bhfuil muid ag dul sa treo ceart le 135,000 duine breise fostaithe ó foilsíodh an chéad Phlean Gníomhaíochta um Fhostaíocht.

Ó thaobh na Gaeltachta de, tá Údarás na Gaeltachta ag súil go gcruthófar 500 post nua sa Ghaeltacht in 2016, chomh maith leis an mbonn fostaíochta de thart ar 7,200 post a choinneáil i gcliantchuideachtaí an Údaráis.

Ina theannta sin, tá forbairt an ionaid do chuairteoirí ag Teach an Phiarsaigh san áireamh mar chuid den Chomóradh ar 1916 agus beidh an t-ionad seo tábhachtach do chruthú fostaíochta, go díreach agus go hindíreach, agus don turasóireacht chultúrtha i gceantar Ros Muc i nGaeltacht Chonamara.

Tá liosta iomlán de ghníomhartha na Roinne ar fáil sa Phlean Gníomhaíochta um Fhostaíocht 2016 atá foilsithe ag an Rialtas inniu.