Foilsithe ar 

An Taoiseach ag dul go Silicon Valley agus Nua-Eabhrac ar thuras gnó trí lá

Tabharfaidh an Taoiseach aghaidh ar Stáit Aontaithe Mheiriceá inniu chun bualadh le ceannairí móra gnó i Silicon Valley agus i Nua-Eabhrac. Is é an príomhchuspóir atá leis an gcuairt ná aird a tharraingt ar Éirinn agus í a chur chun cinn mar áit ar fiú infheistíocht agus trádáil a dhéanamh inti. Tá i gceist ag an Taoiseach tosaíochtaí na hÉireann i gcomhthéacs Brexit agus forbairtí suntasacha idirnáisiúnta eile a chur in iúl.

Is é an chuid is tábhachtaí de chlár an Taoisigh i Silicon Valley ná an óráid a thabharfaidh sé uaidh do Chomhairle Eacnamaíochta San Francisco, grúpa mór le rá de chomhlachtaí ceannródaíocha atá sa cheantar sin. Is i gceanncheathrú Facebook a thabharfar an óráid sin. Le linn an ama ghairid a chaithfidh sé ar an gCósta Thiar, freastalóidh an Taoiseach ar imeacht de chuid Fiontraíocht Éireann, imeacht arb é is aidhm leis tacú le fás cuideachtaí de bhunadh na hÉireann atá ar an gCósta Thiar. Lena chois sin, buailfidh sé le roinnt infheisteoirí móra a dhéanann infheistíocht sa tír seo.

Tabharfaidh an Taoiseach aghaidh ar Nua-Eabhrac ansin, áit a gcasfaidh sé le grúpaí móra le rá i réimse an ghnó, lena n-áirítear an Partnership for New York City, agus freastalóidh sé ar chruinniú de cheannairí móra gnó, arna óstáil ag Peter Grauer, Cathaoirleach Bloomberg. Buailfidh sé le dreamanna atá ag infheistiú in Éirinn cheana agus leo siúd a d'fhéadfadh a bheith ag infheistiú sa tír amach anseo. Beidh sé i láthair nuair a shíneofar conradh idir Fiontraíocht Éireann agus Northwell Healthcare Group, cuideachta cúraim sláinte mór le rá i Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Anuas air sin, buailfidh an Taoiseach le Gael-Mheiriceánaigh atá ina gceannairí polaitíochta, gnó agus pobail. Is in Palo Alto agus i Nua-Eabhrac a bheidh an teacht le chéile sin.

Maidir leis an gclár, dúirt an Taoiseach:

“Is tráthúil í an chuairt seo agam ar Stáit Aontaithe Mheiriceá a thugann deis dom caidreamh a dhéanamh le ceannairí móra gnó chun Éire a chur chun cinn agus aird a tharraingt ar bhuanna ár dtíre mar áit a bhféadfaidh gnólachtaí de chuid Stáit Aontaithe Mheiriceá infheistíocht a dhéanamh inti, rud a thabharfaidh bealach isteach chun na hEorpa agus margaidh eile ar fud an domhain dóibh. Féachfaidh mé le haird a tharraingt ar an bhfórsa oibre oilte atá againn, ár rátaí ísle cánach, an bhéim a chuirimid ar inniúlacht, agus a thiomanta atáimid a bheith inár mball den AE."