Foilsithe ar 

An tAire Stáit Seán Kyne ag seoladh Oireachtas na Samhna 2019

Oireachtas na Samhna á sheoladh go hoifigiúil aige
Duaiseanna Liteartha an Oireachtais á bhronnadh
Próiseas comhairliúcháin phoiblí maidir le straitéis do na healaíona teanga-bhunaithe á sheoladh aige

Seolfaidh Príomh-Aoire an Rialtais agus an tAire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, Seán Kyne T.D.,  Oireachtas na Samhna 2019 go hoifigiúil inniu ag 3.00 i.n. i Svuít Citywest, Óstán an Citywest, Co. Bhaile Átha Cliath.

Anuas air seo, beidh an tAire Stáit Kyne ag seoladh próiseas comhairliúcháin phoiblí maidir le straitéis do na healaíona teangabhunaithe atá á forbairt ag an Roinn i gcomhar le páirtithe leasmhara eile.

Tá mé ag súil go mór le bheith i láthair ag Oireachtas na Samhna arís i mbliana.  Is iontach an deis í do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta teacht le chéile chun ceiliúradh a dhéanamh ar oidhreacht cultúir, teanga agus ealaíon na tíre” a dúirt an tAire Stáit Kyne.

I ndiaidh dó an fhéile a sheoladh go hoifigiúil, bronnfaidh an tAire Stáit Duaiseanna Liteartha an Oireachtais ag 3.30 i.n.  Bronnfar na duaiseanna ar bhuaiteoirí an 22 chomórtas liteartha, idir óg agus aosta.

Ag labhairt dó faoin ócáid, dúirt an tAire Stáit

Tuigtear dom go bhfuil na comórtais seo ar an bhfód ó 1897 agus go bhfuil cuid de mhór scríbhneoirí na tíre seo i measc na mbuaiteoirí ó shoin.  Léiríonn líon na n-iomaitheoirí agus réimse na gcomórtas – idir ghearrscéalta, phrós, dhrámaí, fhilíocht agus eile – beocht agus saibhreas na scríbhneoireachta Gaeilge sa lá atá inniu ann.

Tá áthas orm chomh maith próiseas comhairliúcháin phoiblí maidir le straitéis do na healaíona teanga-bhunaithe a sheoladh. Is straitéis í seo a bheidh le foilsiú an bhliain seo chugainn agus atá á forbairt ag mo Roinn i gcomhar leis an gClár Éire Ildánach, Údarás na Gaeltachta, Foras na Gaeilge, Ealaín na Gaeltachta, An Chomhairle Ealaíon  agus TG4.

Tá sé fógartha ag an Aire Stáit chomh maith go dtionólfar cruinniú den Choiste Stiúrtha atá bunaithe le monatóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm Plean Gníomhaíochta 2018-2022 an Rialtais don Ghaeilge le linn na féile in Óstán an Citywest ar an Déardaoin, 31 Deireadh Fómhair.