Foilsithe ar 

Athruithe ar an bpróiseas iontrála iarchéime do mhúinteoireacht bhunscoile ag DCU, Ollscoil Mhaigh Nuad, Institiúid Oideachais Marino agus Coláiste Mhuire gan Smál

Inniu, d'fhógair an tAire Oideachais agus Scileanna, Joe McHugh, plean nua chun scrúdú cainte Gaeilge amháin a chur ar scoláirí atá ag iarraidh cur isteach ar chláir iarchéime do mhúinteoireacht bhunscoile atá á reáchtáil ag DCU, Ollscoil Mhaigh Nuad, Institiúid Oideachais Marino agus Coláiste Mhuire gan Smál (na ceithre sholáthróir d’oiliúint bhunscoile do mhúinteoirí, arna maoiniú ag an Stát).

Ó 2019 i leith, beidh scrúdú cainte Gaeilge amháin ann do gach iarrthóir, a dhéanfar sula gcuirfidh siad iarratas isteach ar a rogha institiúide/institiúidí. Is é Lárionad na Gaeilge: Taighde, Teagasc agus Tástáil in Ollscoil Mhá Nuad a riarfaidh an scrúdú cainte Gaeilge ag baint úsáide as an scrúdú Teastas Eorpach Gaeilge (TEG), atá nasctha leis an gComhchreat Tagartha Eorpach do Theangacha. Tionólfar an scrúdú cainte Gaeilge i mí Feabhra 2019, ag ionaid ar fud na tíre.

Cuirfidh iarrthóirí isteach ansin ar a rogha institiúide/institiúidí agus cuirfidh na hinstitiúidí glaoch chun agallaimh orthu, in am trátha. Ní bheidh aon scrúdú cainte Gaeilge eile ann.

Mhol na hinstitiúidí go mbeidh costas €65 in aghaidh an iarrthóra don scrúdú cainte Gaeilge. Mar sin féin, is féidir socruithe a dhéanamh do scoláirí a théann isteach trí chlár PATH chun an táille seo a aisíoc.

Dúirt an tAire McHugh inniu

Tá mé buíoch de na soláthraithe as an tionscnamh seo chun tabhairt faoin gcéim seo leis an bpróiseas d'iarrthóirí a shruthlíniú. Tá áthas orm freisin an tiomantas ó institiúidí a fheiceáil chun táille an scrúdaithe cainte a aisíoc do mhic léinn atá ar chlár PATH. Chomh maith leis sin, creidim go ndéanfaidh aon scrúdú cainte caighdeánaithe Gaeilge amháin go leor chun an imní agus an brú a laghdú agus go gcabhróidh sé le mic léinn ionchasacha a ndícheall a dhéanamh.