Foilsithe ar 

Bearta a chuirfidh méadú suntasach ar an maoiniú don Ealaín Phoiblí fógartha ag an Aire Madigan

Nuashonrú déanta ar Scéim an Chéatadáin le haghaidh na hEalaíon

Ag Tacú le healaíontóirí in Éirinn

Ag Cur le spásanna poiblí

D’fhógair an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Josepha Madigan TD, bearta nua suntasacha inniu atá dírithe ar an maoiniú a thugtar don ealaín phoiblí a mhéadú.

Tá athbhreithniú déanta ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta ar Scéim an Chéatadáin le haghaidh na hEalaíon, a leithroinneann suas le haon faoin gcéad de thionscadail chaipitil phoiblí chun saothair nua ealaíne a choimisiúnú. Áirítear i measc na saothar mór le rá a fuair maoiniú faoin scéim; The Perpetual Motion leis na healaíontóirí Remco de Fouw agus Rachel Joynt atá suite ag acomhal Náis ar mhótarbhealach an M7, Magnus Modus le Joseph Walsh atá lonnaithe i sciatháin athchóirithe Ghailearaí Náisiúnta na hÉireann agus dealbh Luke Kelly le Vera Klutein, Sráid an tSirriam, Baile Átha Cliath.

Faoi na hathruithe a dhéanfar do bhandaí agus do theorainn na scéime, cuirfear maoiniú breise ar fáil don phobal cruthaitheach agus cinnteofar go mbeidh an infheistíocht i dtionscadail sa ealaín phoiblí níos gaire d’aon faoin gcéad.

Bainfidh na paraiméadair, na bandaí infheistíochta agus teorainneacha nua le

-       Tionscadail faoi bhun €5,000,000:  1% de chostas an tionscadail go huasmhéid €50,000 (1% den teorainn uachtair);

-       Tionscadail idir €5,000,000 agus €20,000,000: 1% de chostas an tionscadail go huasmhéid €125,000 (1% den teorainn uachtair);

-       Tionscadail idir €20,000,000 agus €50,000,000: 1% de chostas an tionscadail go huasmhéid €350,000 (1% den airmheán);

-       Tionscadail os cionn €50,000,000:- suas go €500,000 is é sin 1% den scála is ísle agus an ráta sin ag titim de réir mar a bheidh scála na dtionscadal ag méadú.

Banda costais an tionscadail reatha

An Uasteorainn Reatha

Banda costais an tionscadal beartaithe

An Uasteorainn Beartaithe

€0 - €2.55m

€25,500

€0 - €5m

€50,000

€2.55m - €6.3m

€38,000

€5m - €20m

€125,000

€6.3m - €12.7m

€51,000

€20m - €50m

€350,000

€12.7m  +

€64,000

€50m  +

€500,000


Is ionann sin agus méadú suntasach ar an maoiniú a d'fhéadfadh a bheith i gceist chun saothair nua ealaíon poiblí a choimisiúnú  mar chuid de líon beartas de chuid na Roinne chun tacú le healaíontóirí in Éirinn agus chun go mbeidh teacht níos fearr ag an mórphobal ar an ealaín.

Áirítear i measc na n-athruithe breise grúpa idirghníomhaireachta le feabhas a chur ar bhailiú agus ar chomhthiomsú eolais a athbhunú agus dea-chleachtas a roinnt maidir le Scéimeanna an Chéatadáin le haghaidh na hEalaíon.  Beidh ceangal idir an grúpa seo agus an Chomhairle Ealaíon agus féachfar cur leis an ról comhairleach atá ag an gComhairle cheana féin maidir leis an Scéim.

Inniu dúirt an tAire:

Tá áthas orm an t-athbhreithniú seo ar Scéim an Chéatadáin le haghaidh na hEalaíon a fhógairt. Tuigeann an Rialtas seo chomh tábhachtach is atá na healaíona agus an cultúr do mhuintir na tíre. Is í sin an chúis a bhfuil gealltanas tugtha againn an maoiniú a dhéanfar ar na healaíona a dhúbailt faoin mbliain 2025 agus €1.2 billiún a chur ar fáil le haghaidh infheistíocht chaipitil sa chultúr, san oidhreacht agus sa Ghaeltacht faoi Thionscadal Éireann 2040.  Tacóidh an t-eolas is déanaí seo le healaíontóirí agus ar an gcaoi sin cuirfear deis níos fearr ar fáil chun ár spásanna poiblí a mhaisiú agus chun go mbeidh an mórtas atá againn as ár gcultúr féin le feiceáil go soiléir i bhfoirgnimh chaipitil na tíre.