Foilsithe ar 

Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2019 faofa ag an Rialtas

Áirítear i measc phríomhphointí Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2019:

  • Sprioc gur cainteoirí Gaeilge a bheidh i 20% d'earcaigh nua sa tseirbhís phoiblí.
  • Caighdeáin Teanga á dtabhairt isteach in áit Scéimeanna Teanga
  • Plean Náisiúnta nua chun Seirbhísí trí Ghaeilge a Sholáthar
  • Go mbeidh córais TFC chomhlachtaí poiblí ábalta freastal ar an leagan Gaeilge d'ainm an duine.

D’fhógair an Taoiseach Leo Varadkar TD agus Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin Seán Kyne T.D. inniu go bhfuil cead tugtha ag Airí Rialtais Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2019 a fhoilsiú.

Tá an bealach ina ndéantar seirbhísí Gaeilge a chur ar fáil agus an bealach a ndéantar cainteoirí Gaeilge a earcú sa tseirbhís phoiblí ina chuid lárnach den Bhille seo. Déantar foráil leis an mBille seo chun Plean Náisiúnta foirmeálta trína n-aithneofar na bearnaí atá ann maidir le seirbhísí poiblí a chur ar fáil trí Ghaeilge a aithint agus sraith gníomhartha atá de dhíth chun na bearnaí sin a líonadh agus na seirbhísí a chuirtear ar fáil trí Ghaeilge a fheabhsú le himeachta ama.  Is cuspóir foriomlán de chuid an Phlean Náisiúnta a bheidh ann go mbeidh 20% de dhaoine nua a earcaítear sa tseirbhís phoiblí inniúil sa Ghaeilge. 

Gné shuntasach eile a bhaineann leis an mBille is ea caighdeáin teanga a thabhairt isteach do réimse de chomhlachtaí poiblí in ionad chóras na scéimeanna teanga atá ann faoi láthair.  Chomh maith leis sin, beidh sé de dhualgas ar chomhlachtaí poiblí bearta a thabhairt isteach chun go mbeidh a gcórais TFC ábalta freastal ar an leagan Gaeilge d'ainm an duine.

Ag labhairt dó ag ócáid a eagraíodh i dTithe an Rialtas chun ceiliúradh a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta go dáta faoin bpróiseas pleanála teanga dúirt an Taoiseach Leo Varadkar:

"Is céim mhór chun cinn é Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) a fhoilsiú. Cinnteofar leis an mBille go mbeidh sé ar chumas cainteoirí Gaeilge teagmháil a dhéanamh leis an Rialtas agus teacht a bheith acu ar sheirbhísí trí Ghaeilge ar ardchaighdeán.  Creidimse go ndéanfaidh an reachtaíocht seo difear mór don Ghaeilge agus do shaol na teanga sa tír seo."

Ag tacú leis an méid a dúirt an Taoiseach, dúirt an tAire Stáit Seán Kyne: 'Tá mé an-sásta gur ghlan an Rialtas Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2019 agus táim ag súil anois go gcuirfear faoi bhráid Dáil Éireann é roimh shaoire na Nollag. Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh leis an Taoiseach agus le mo chomhghleacaithe as a dtacaíocht leanúnach maidir leis an mBille seo. Táim ag iarraidh freisin go mbeidh maoirseacht níos mó á déanamh ar sholáthar na seirbhísí Gaeilge trí choiste reachtúil nua a thabhairt isteach, an Coiste Comhairleach ar Sheirbhísí Gaeilge. Ina chuid lárnach den cur chuige seo, beidh aonad  nua á bhunú i mo Roinn féin a bheidh tiomanta don bheartas a thacaíonn le cur i bhfeidhm na reachtaíochta nua seo. Táim ag súil go mbeidh cur chuige níos fuinniúla mar thoradh ar na bearta seo d'fhonn líon na gcainteoirí Gaeilge san earnáil phoiblí a mhéadú chun seirbhísí Gaeilge a chur ar fáil do gach aon saoránach.'

Nótaí d'eagarthóirí:

Achtaíodh Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 an 14 Iúil 2003. Chuir an píosa reachtaíochta tábhachtach seo creat reachtúil ar fáil chun seirbhísí poiblí a chur ar fáil trí Ghaeilge. Leag sé dualgas ar Ranna Rialtais agus ar chomhlachtaí poiblí ainmnithe sa Chéad Sceideal den Acht seirbhísí áirithe, ar a laghad, a chur ar fáil trí Ghaeilge. Déantar foráil ann chomh maith go mbeadh sé riachtanach go n-ullmhódh na comhlachtaí poiblí atá ainmnithe sa Chéad Sceideal scéim ina leagfaí amach na seirbhísí a bheidh á gcur ar fáil trí Ghaeilge.