Foilsithe ar 

Bliain na Gaeilge 2018 Seolta Inniu ag an Taoiseach

20171220 Launch BnaGThuas Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, Joe McHugh agus an Taoiseach, Leo Varadkar in aice le na láithreoirí: Bláthnaid Ní Chofaigh, Eoghan McDermott, agus Lynette Fay. 

Ag tógáil ar rath An Teanga Bheo a bhí mar shraith faoi Éire 2016: Clár Comórtha agus i bhfianaise go mbeidh Conradh na Gaeilge ag ceiliúradh 125 d’Athbheochan na Gaeilge i 2018, feictear gur togra tráthúil í Bhliain na Gaeilge 2018 chun ceiliúradh a dhéanamh ar an teanga, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta.

Tá clár bliana d’imeachtaí ildánacha, ealaíonta agus pobail á eagrú chun ceiliúradh a dhéanamh ar an teanga agus chun a labhairt a spreagadh.  Tabharfaidh an tionscnamh, a bhfuil an tUachtarán, Micheál D. Ó hUiginn, mar Phatrún aige, aitheantas agus deis machnaimh ar an méid atá bainte amach cheana féin, ach beifear ag díriú isteach freisin ar bheocht, úsáid, dea-íomhá agus feiceálacht na teanga.