Foilsithe ar 

Ciste nua - NASC Gaeltachta, seolta ag an Aire Stáit Kyne chun naisc bhreise a chothú idir ceantair éagsúla Ghaeltachta

D’fhógair Seán Kyne TD,  Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don  Ghaeltacht agus na hOileáin, go bhfuil ciste nua, NASC Gaeltachta bunaithe aige ar mhaithe le cabhrú tuilleadh le himeachtaí aon-uaire a eagrú a mbeidh mar aidhm acu naisc bhreise a chothú idir ceantair éagsúla Ghaeltachta.

Faoin gciste nua-bhunaithe NASC Gaeltachta - ar fiú €60,000 é in iomlán in aghaidh na bliana, cuirfear ar chumas d’eagraíochtaí Gaeilge atá ag feidhmiú sa Ghaeltacht iarratas a sheoladh chun na Roinne ar chúnamh reatha ionann le €20,000 ar a mhéid nó 75% den chostas iomlán inghlactha cibé acu is lú chun imeacht/aí cultúrtha/ealaíona nó spóirt a chur ar bun trí mheán na Gaeilge.  Samhlaítear go bhféadfadh a leithéidí imeacht spóirt, siamsaíochta nó cultúrtha (ar nós féilte drámaíochta, ceoil, comhdhálacha, ceardlanna & rl.,) a bheith mar ábhar cúnaimh faoin gciste a mhairfidh go ceann dhá bhliain, 2020 agus 2021.

Dúirt an tAire Stáit: 

Tá ríméad orm go bhfuil ar mo chumas an ciste seo a bhunú. Tá luach agus tábhacht faoi leith bainteach le himeachtaí sóisialta agus siamsaíochta a eagraítear trí Ghaeilge a mheallann pobail éagsúla Ghaeltachta le chéile. Ní amháin go bhfuil leas le baint as a leithéid d’imeachtaí mar a bhaineann sé leis an nGaeilge agus le pobal na Gaeltachta ach cabhraíonn imeachtaí dá leithéid le cuairteoirí nua a mhealladh chuig na ceantair Ghaeltachta agus saibhreas chultúr na Gaeltachta a bhlaiseadh.

Is i gcomhréir leis an ngealltanas atá tugtha faoi ghníomh 2.16 de Phlean Gníomhaíochta 2018-2022 an Rialtais don Ghaeilge, a seoladh i Meitheamh 2018, atá an ciste seo bunaithe.

Maidir le himeachtaí a d’fhéadfadh a bheith maoinithe faoin gciste in 2020 ní foláir iarratais ina leith a bheith déanta leis an Roinn tráth nach déanaí: 20 Nollaig 2019.

Tá tuilleadh eolais ar fáil anseo - www.chg.gov.ie/ga/gaeltacht/the-gaeltacht/language-support-schemes-programmes/nasc-gaeltachta/