Foilsithe ar 

Ciste €5m do chliantchomhlachtaí Údarás na Gaeltachta deimhnithe ag an Aire Stáit Seán Kyne

Tá sé deimhnithe ag Príomh-Aoire an Rialtais agus an tAire Stáit don Ghaeltacht, don Ghaeilge agus do na hOileáin, an Seanadóir Seán Kyne, go mbeidh rochtain ag cliantchomhlachtaí Údarás na Gaeltachta ar réimse iomlán tacaíochtaí faoin gCiste Cothaithe Fiontair, agus €5 milliún ar fáil mar thús. 

 

Tagann sé seo sna sála ar mhaoiniú breise €0.6m a fógraíodh le gairid a fuair an tAire Stáit Kyne d’Údarás na Gaeltachta chun an Scéime Trádála Ar Líne a fheidhmiú sa Ghaeltacht agus mar thoradh ar an gcomhoibriú leanúnach idir an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus Údaras na Gaeltachta agus na ranna agus áisíneachtaí ábhartha eile Stáit chun tacaíochtaí praiticiúla a chur ar fáil do ghnóthaí atá buailte de bharr Covid-19.

 

Cinntíonn an deimhniú seo inniu go mbeidh rochtain ag fiontair Ghaeltachta ar an gCiste €180m Cothaithe Fiontair, atá á riar ag na háisíneachtaí Stáit le cúramaí fiontraíochta, faoi mar a aontaíodh ag an Roinn Fiontair, Gnó agus Nuálaíochta leis an Coimisiún Eorpacha faoin gcreat sealadach cúnaimh Stáit.

 

Dúirt an tAire Stáit Kyne:

Tá áthas orm a dheimhniú gur féidir le cliantchomhlachtaí de chuid Údarás na Gaeltachta rochtain a fháil ar an réimse iomlán tacaíochtaí faoin gCiste Cothaithe Fiontair tríd an Údarás, ag feidhmiú i gcomhar le Fiontraíocht Éireann atá á riaradh go náisiúnta. Táthar ag súil go mbeidh an €5m seo mar thús chun freastal ar an éileamh reatha ó chliantchomhlachtaí an Údaráis agus déanfar breithniú air de réir mar leanann sé ar aghaidh.

 

Ba cheart do chliantchomhlachtaí Údarás na Gaeltachta teagmháil a dhéanamh lena gComhairleoir Forbartha san Údarás chun tús a chur leis an bpróiseas iarratais.

 

Chomh maith leis sin, mhol an tAire Stáit Kyne do ghnólachtaí beaga ar fud na Gaeltachta iarratas a dhéanamh ar an Deontas Atosaithe faoina bhfuil €250m curtha ar fáil ag an Rialtas tríd na hÚdaráis Áitiúla. Cuidíonn an tacaíocht deontais go díreach do ghnólachtaí beaga leis na costais a bhaineann le hathoscailt agus le hathfhostú tar éis a bheith dúnta de bharr Covid-19. Is féidir an deontas seo a úsáid le costais sheasta a ghlanadh, m.sh. fóntais, árachas nó athstocáil agus le bearta sábháilteachta foirne agus custaiméirí a chur i bhfeidhm. Is féidir iarratas a dhéanamh ar an Deontas Atosaithe ar líne go díreach tríd na húdaráis áitiúla.