Foilsithe ar 

Comhaltaí Nua ar Shainchoiste Comhairleach Chultúr Éireann Fógartha ag an Aire Madigan

D’fhógair an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Josepha Madigan, T.D., comhaltaí nua do Shainchoiste Comhairleach Chultúr Éireann inniu.

Cuireadh Cultúr Éireann ar bun in 2005 mar rannán den Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta d’fhonn ealaíona Éireannacha a chur chun cinn agus chun tosaigh ar fud an domhain, próifíl chultúrtha agus dea-cháil dhomhanda na hÉireann a neartú, agus cur le deiseanna gairme d’ealaíontóirí de chuid na hÉireann sna ceithre hairde.

Is iad an tOllamh Kevin Rafter (Ceann Scoil na Cumarsáide, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath), a bheidh ina chathaoirleach, Liz Doherty (fidléir agus léachtóir), Somhairle Mac Conghail (Oifigeach Ealaíon Chomhairle Contae Mhuineacháin) agus Kieran Hanrahan (láithreoir raidió agus stiúrthóir ealaíne Tradfest) na comhaltaí nua, agus beidh siad ar an Sainchoiste in éineacht le beirt chomhaltaí athcheaptha, Maureen Kennelly (Stiúrthóir Fhilíocht Éireann) agus Josephine Kelliher (léiritheoir sna hamharcealaíona).

Leanfaidh ionadaithe sinsearacha don Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, don Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, don Chomhairle Ealaíon, d’Údarás Forbartha Tionscail na hÉireann, do Thurasóireacht Éireann agus do Bhord Scannán na hÉireann orthu ag fónamh ar an Sainchoiste ar bhonn ex-officio.   Tá sé mar aidhm ag an ionadaíocht idirghníomhaireachta sin comhlántachtaí agus cur chuige sa Rialtas uile a chinntiú i leith an tír a chur chun cinn go hidirnáisiúnta.

Agus í ag fógairt an tSainchoiste Chomhairligh nua bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire:

“Imríonn an Sainchoiste Comhairleach ról an-tábhachtach i dtaca le straitéis Chultúr Éireann a stiúradh d’fhonn tionchar cultúrtha Straitéis an Rialtais a uasmhéadú agus deiseanna gairme nua a ghiniúint d’ealaíontóirí Éireannacha ar fud an domhain. Tá clú agus cáil ar Éirinn i gcéin is i gcóngar de bharr ár n-ealaíontóirí agus ár gcruthaitheachta, rud is léir an tseachtain seo go háirithe sa chaoi go bhfuil breis is 100 imeacht a fuair tacaíocht ó Chultúr Éireann beartaithe do Lá Fhéile Pádraig.”

Dúirt Kevin Rafter

“Déanann Cultúr Éireann obair na gcapall le saothar ealaíontóirí Éireannacha a chur ar a súile do dhaoine timpeall na cruinne.  Tá lúcháir orm glacadh leis an bpost seo agus tá mé ag tnúth go mór le hobair a dhéanamh as lámha a chéile le mo chuid comhghleacaithe ar an Sainchoiste Comhairleach.”