Foilsithe ar 

Comhdháil BIC i nDáil le teangacha agus cúrsaí  teicneolaíochta

D’oscail an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh, comhdháil BIC (Comhairle na Breataine-na hÉireann) i ndáil le teangacha dúchasacha, mionlaigh agus neamhfhorleathana a chur chun cinn trí chúrsaí teicneolaíochta inniu (9 Samhain 2015). Tá an chomhdháil atá eagraithe ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta thar ceann an BIC ar siúl inniu agus amárach i Leabharlann Chester Beatty ag Caisleán Bhaile Átha Cliath.

Baineann dhá aidhm leis an gcomhdháil: plé a dhéanamh ar na bealaí is fearr inar féidir le forbairtí sa nuatheicneolaíocht tacú leis na teangacha dúchasacha, mionlaigh agus neamhfhorleathana; agus deis a chur ar fáil chun dea-chleachtas agus taithí sa réimse seo a scaipeadh. 

Agus é ag cur fáilte roimh os cionn 80 duine ó Éirinn, Tuaisceart Éireann, Albain, an Bhreatain Bheag, Corn na Breataine, Geansaí, Geirsí agus Oileán Mhanann, thagair an tAire Stáit McHugh don chlár cuimsitheach atá leagtha amach don chomhdháil:  

“Baineann fiúntas mór leis an chomhdháil seo.  Tar éis léargas a fháil ó mhórchomhlacht teicneolaíochta, Google, beifear ag díriú isteach ar na straitéisí digiteacha atá ar bun i roinnt de na dlínsí a thagann faoin mBIC agus beifear ag plé na ndúshlán atá os comhair na bpobal teanga is lú. Tá scoth na gcainteoirí aimsithe ó na dlínsí BIC ar fad agus ó na Stáit Aontaithe fosta. Ina theannta sin, beidh deis iontach ag na toscairí na forbairtí  teicneolaíochta is deireanaí a phlé i gcomhluadar an-leathan, idir lucht acadúil, lucht an tionscail teicneolaíochta agus daoine atá ag obair ar an talamh chun a dteangacha a chur chun cinn.”

Beidh tuilleadh sonraí ar fáil ar #BICLangTech agus cuirfear páipéar faoi thorthaí na comhdhála faoi bhráid BIC go luath.