Foilsithe ar 

Comóradh ar Chéad Bliain na mBásuithe ag Dún Chathail Bhrugha

Reáchtáladh comóradh Stáit inniu in ómós Francis Sheehy Skeffington, Thomas Dickson agus Patrick McIntyre a cuireadh chun báis an 26ú Aibreán 1916 i mBeairic Portobello, Ráth Maonais, Baile Átha Cliath nó Dún Chathail Bhrugha anois. Ghabh Fórsaí na Breataine an triúr fear, ar mba eagarthóirí nuachtáin iad ar fad, an 25ú Aibreán 1916. Cuireadh chun báis iad, gan iad a thriail, an 26ú Aibreán i gClós Aclaíochta an tSeomra Garda arb é an tIonad do Chuairteoirí anois é. Ba shíochánaithe iad ar fad agus ní raibh siad páirteach sa gcomhrac le linn Éirí Amach na Cásca.  Ag an gcomóradh inniu dúirt an tAire "céad bliain ó shin inniu a tharla an rud uafásach seo agus cuimhnímis ar an éagóir agus ar an uafás a bhain leis.  Cuimhnímis orthu agus tugaimid ómós dóibh. Ba uafásach agus ba ghránna an bealach ar gabhadh agus ar cuireadh chun báis an triúr fear seo. 

Bhí daoine de mhuintir Sheehy Skeffington agus Dickson i láthair ag an gcomóradh.  Léigh siad sleachta as páipéir phearsanta na bhfear agus thug cuntas ar ar bhain na fir neamhchiontacha seo amach sa saol.

Tá an tIonad do Chuairteoirí i nDún Chathail Bhrugha tiomanta do Francis Sheehy Skeffington, Thomhas Dickson agus Patrick McIntyre.