Foilsithe ar 

Cuairt ar Oileáin Amach ón gCósta

Tá tionchar suntasach ag an bpaindéim Covid 19 ar an mbealach a bhfuilimid agus a mbeimid ag tabhairt faoin saol ó lá go lá. Tá sé ríthábhachtach go dtabharfaimis tús áite do shláinte agus leas an phobail. Tuigeann an Roinn go rímhaith an imní atá ar phobail oileán maidir le cuairteoirí chuig na hoileáin, go háirithe le linn mhíonna an tsamhraidh.

Dá réir sin, cuirean an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta i gcuimhne do dhaoine, seachas daoine atá ina gcónaí ar na hoileáin sin agus daoine atá ag tabhairt faoi sheirbhísí riachtanacha, gan cuairt a thabhairt ar na hoileáin amach ón gcósta go dtí an 10 Lúnasa de réir chéim 5 den phlean arna eisiúint ag an Rialtas chun geilleagar agus sochaí na hÉireann a athoscailt.

Tá an plean le fáil anseo https://www.gov.ie/en/news/58bc8b-taoiseach-announces-roadmap-for-reopening-society-and-business-and-u/?referrer=/roadmap/

Aithnítear gur tréimhse í seo nár chleacht muid riamh cheana agus go bhfuil dúshláin ag baint léi dúinn ar fad. Ina dhiaidh sin is uile, is fearr a rachaimid i ngleic leis na dúshláin sin má oibrímid i gcomhar lena chéile ar mhaithe leis na pobail a ndéanaimid freastal orthu.