Foilsithe ar 

Cuairt tugtha ag an Aire Stáit Malcolm Noonan ar phortaigh athnuaite sa Mhí agus san Iarmhí agus bhuail le Comhairle Caomhnaithe Phortaigh na hÉireann

Chaith an tAire Stáit don Oidhreacht agus Athchóiriú Toghchán, Malcolm Noonan T.D., an lá inniu (17 Lúnasa, 2020) ag tabhairt cuairt ar phortaigh sa Mhí agus san Iarmhí - portaigh atá á n-athnuachan de bharr obair Sheirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra (NPWS) a Roinne le cúnamh ó Bhord na Móna chomh maith le Comhairle Caomhnaithe Phortaigh na hÉireann, gníomhaireachtaí eile agus iarrachtaí an phobail.

Tá Limistéar Caomhaontais Speisialta Phortach Choill na Croise, ar thug an tAire cuairt air níos túisce inniu, ar cheann de 9 bportach ardaithe sa réigiún lártíre a bhfuil Bord na Móna i mbun bainistiú tionscadail air agus ag tabhairt faoi obair athnuachana air thar ceann NPWS na Roinne Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta le súil breis is 1800 heicteár portaigh a thabhairt ar ais arís go stádas dearfach caomhnaithe. Is éard a bhíonn i gceist le bearta athnuachana ar phortaigh ardaithe de ghnáth leibhéil an uisce gar do dhromchla an phortaigh a ardú chun cabhrú le dálaí deilbhithe na móna a athbhunú agus forbairt nádúrtha chaonaigh Spaghnum, arb iad bunábhar an phortaigh iad, a spreagadh. Is ionann an clár athnuachana seo agus gné thábhachtach de Phlean Athrú Cóir an Rialtais trí fhostaíocht a choinneáil i bpobail lártíre agus cuidiú le bithéagsúlacht sa réigiún.

Trínár gcuid portach ardaithe a athnuachan, gníomh atá leagtha amach i bPlean Gníomhaíochta na hÉireann um Athrú Aeráide, cinnteofar go ndéantar ábhar carbóin portaigh a stóráil i ngach portach go buan.” Dúirt an tAire Noonan inniu “tá tábhacht mhór leis na portaigh bheo chun freastal ar an éiceachóras ó thaobh na bithéagúlachta, smacht ar thuillte agus chun astaíochtaí carbóin a laghdú mar shampla. Tá baint thábhachtach ag athnuachan agus athchóiriú portach le dul i ngleic leis na saincheisteanna a bhaineann le hathrú aeráide in Éirinn agus cuideoidh seo linn gluaiseacht i dtreo neodracht ó thaobh carbóin i dtaobh úsáid talún. Meastar go gcuideoidh an athnuachan atáthar a dhéanamh ar 1,800 heicteár de phortach ardaithe, arna mhaoiniú ón gCiste Cánach Carbóin, le hastaíochtaí 4,945 tonna CO2 sa bhliain a laghdú sa bhfadtéarma.

Chas an tAire Noonan níos déanaí le Comhairle Caomhnaithe Phortaigh na hÉireann agus le ball oinigh na Comhairle. A Shoilse an Dr Adriann Palm, Ambasadóir na hÍsiltíre chun na hÉireann, ag Limistéar Oidhreachta Nádúrtha agus Limistéar Caomhaontais Speisialta Phortach na Greallaí i gCo. na Mí. Is eagraíocht neamhspleách caomhnaithe an Chomhairle arb é a misean sampla ionadaíoch de phortaigh na hÉireann a chaomhnú le go mbeidh daoine in ann sásamh a bhaint anois agus amach anseo as. Ag siúl dó ar chlárchosán Phortach na Greallaí dúirt an tAire Noonan “is mór an pléisiúr dom bualadh le Comhairle Caomhnaithe Phortaigh na hÉireann agus le hionadaithe Mheitheal Phortach na Greallaí inniu chun an obair iontach atá bun acu anseo chun an portach seo a chaomhnú agus a chur chun cinn a fheiceáil. Is sampla den scoth é de dhaoine ó chúlraí éagsúla ach a bhfuil na cuspóirí céanna acu teacht le chéile chun am a chaitheamh, go deonach go minic, chun an portach seo a fhorbairt ar mhaithe le cách agus molaim iad as an obair sin. Is cinnte gur áit ar leith Portach na Greallaí i lár na tíre ó thaobh áineasa agus na bithéagsúlachta.


Dúirt Joe Lane, Ceannasaí Fuinnimh Bhord na Móna -

Tá buntáistí ollmhóra ag baint le hinfheistíocht a dhéanamh in athchóiriú agus in athshlánú talamh portaigh don tsochaí, i dtéarmaí caipiteal sóisialta agus nádúrtha. Tá béim leagtha inniu ar ról Bhord na Móna le NPWS na Roinne Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta maidir le gníomhú ar son na haeráide, go sonrach sa réimse a bhaineann le hathshlánú talamh portaigh agus ceapadh carbóin. Tá oibrithe againn chun bearta dea-chleachtais a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm maidir le hathchóiriú agus athshlánú, ag déanamh maith do bheartas rialtais agus gealltanais náisiúnta dícharbónaithe. Tacaíonn an clár seo leis an NPWS le beartas náisiúnta ar bhithéagsúlacht agus beidh tábhachtach i ndáil leis an mbealach a bhainistímid muid ár gcuid talún, agus mar a thugaimid aire de, do réimse de speicis dhúchasacha.