Foilsithe ar 

Cuireann an tAire Stáit Joe McHugh TD fáilte roimh thuarascáil Phól Uí Ghallchóir maidir le seirbhís fharantóireachta Thoraí

Tá fáilte curtha ag Príomh Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, Gaeltacht agus do na hOileáin, Joe McHugh TD, roimh thuarascáil Phól Uí Ghallchóir, Cathaoirleach Fhoras na Gaeilge agus iarPhríomhfheidhmeannach TG4, maidir le seirbhís fharantóireachta Thoraí.

 

Dúirt an tAire Stáit “Cuirim fáilte roimh thuarascáil Phól Uí Ghallchóir maidir le seirbhís fharantóireachta Thoraí.  Tá mé an-bhuíoch as an am agus an díograis atá léirithe ag an tUasal Ó Gallchóir don ról seo le seachtain anuas.  Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghlacadh fosta le muintir Thoraí agus le Comharchumann Thoraí as ucht a rannpháirtíochta sa bpróiseas seo.  Tá súil agam gur chuir obair na seachtaine seo bunchloch faoi réiteach a fháil ar na ceisteanna atá ardaithe ag na hoileánaigh, agus gur féidir linn anois brú ar aghaidh ar leas gach duine.  Tá i gceist agam mionscrúdú a dhéanamh ar thuarascáil an tUasal Uí Ghallchóir roimh dom aon ráiteas eile a dhéanamh ar an ábhar seo”.