Foilsithe ar 

Cuireann an tAire Stáit McHugh fáilte roimh athbhreithniú 2015 Údarás na Gaeltachta

Tá fáilte curtha ag an Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh, roimh thorthaí 2015 a d’fhoilsigh Údarás na Gaeltachta inniu. 

Dúirt an tAire Stáit: “Is scéal an-dearfach na torthaí seo a d’fhoilsigh an tÚdarás inniu. Léiríonn na figiúirí go raibh 215 duine breise fostaithe i gcuideachtaí na Gaeltachta ag deireadh na bliana 2015 i gcomparáid leis an bhliain roimhe sin. Tá an fás ar fhostaíocht tagtha den chuid is mó i gcuideachtaí a bhfuil baint acu le heaspórtáil agus léiríonn sé sin go bhfuil ag éirí le straitéis an Údaráis i ndáil le tacú le cuideachtaí na Gaeltachta chun díriú ar easpórtálacha.”

Dúirt sé freisin, “Tá lúcháir faoi leith orm go bhfuil leibhéal na bpost a cailleadh ar an leibhéal is ísle ar an taifead agus gur éirigh leis an Údarás 533 post nua a chruthú in 2015. Is dea-chomhartha é fosta gur ceadaíodh tograí i gcaitheamh na bliana a bhfuiltear ag súil le 580 post breise mar thoradh orthu amach anseo. Is dea-theist é seo ar an obair luachmhar atá ar bun ag Údarás na Gaeltachta chun bail sheasmhach a chur ar chúrsaí fostaíochta sa Ghaeltacht.”
Rinne an tAire Stáit tagairt freisin don mhilliún euro de mhaoiniú atá faighte aige do bhuiséad caipitil Údarás na Gaeltachta do 2016. "Táim sásta go guirfidh sé seo ar chumas Údarás na Gaeltachta poist a choinneáil ina gcliantchuideachtaí sa Ghaeltacht agus tuilleadh infheistíochta a mhealladh go ceantair Ghaeltachta. Chuige sin, is í mo thuiscint go bhfuil sé mar aidhm ag an Údarás 500 post nua a chruthú sa Ghaeltacht in 2016.
Thug an tAire Stáit aitheantas go háirithe don dul chun cinn atá déanta ag Údarás na Gaeltachta le linn 2015 maidir le cur i bhfeidhm an phróisis pleanála teanga sa Ghaeltacht, i gcomhar leis na heagraíochtaí pobail ar an talamh. “Is obair fíorthábhachtach í seo agus tá áthas orm go bhfuil an tÚdarás ag tabhairt tosaíocht don phróiseas sna 18 Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta a bhfuil fógraí déanta ina leith go dtí seo,” a dúirt an tAire Stáit.