Foilsithe ar 

Dámhachtainí Business to Arts Allianz 2018

D’fheidhmigh an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Josepha Madigan, ag an 27 Searmanas Dámhachtainí Business to Arts Allianz a reáchtáladh ag Amharclann Bord Gáis Energy.
Is ionann na Dámhachtainí agus an tionscadal suaitheanta is mó a bhfuil iomrá air de chuid Business to Arts agus tá sé ar cheann de na mórócáidí ar an bhféilire cultúrtha. Gach bliain tagann líon mór ceannairí éagsúla ón réimse chorparáideach agus ó réimse an chultúir araon.

Agus í ag labhairt ag an ócáid, dúirt an tAire Madigan:

Creidim go láidir gur gá dúinn tuilleadh ealaíne poiblí a chothú in Éirinn. Tá traidisiún láidir againn tacaíocht a thabhairt d’ealaín den chinéal sin faoin scéim ‘Per Cent for Arts’. Tá teorainneacha airgeadais an chláir sin as dáta le fada anois agus mar sin tá sé ar intinn agam tabhairt faoi athbhreithniú cuimsitheach ar an scéim chun gur féidir na féidearthachtaí ealaíonta a bhaineann le hinfheistíocht an Rialtais inár n-infreastruchtúr faoi Thionscadal 2040 a fhiorú go hiomlán.

Dúirt an tAire go raibh áthas uirthi a fhógairt go raibh a Roinn ag tabhairt €52,000 do chlár Ealaíontóirí Cónaitheacha Business to Arts faoi Scéim Chlár Éire Ildánach. Faoin gclár, rachaidh trí Ealaíontóír Cónaitheacha i gcomhpáirtíocht le trí ghnólacht agus trí eagraíocht phobail thar tréimhse 18 mí. Roghnófar na gnólachtaí agus na hEalaíontóirí Cónaitheacha trí ghlao oscailte náisiúnta. Roghnófar na heagraíochtaí pobail de réir suíomh geografach tar éis do na comhpháirtithe tosaigh a bheith ceaptha.

D’fhógair an tAire Madigan freisin go ndéanfadh sí imscrúdú breise ar an Scéim Per Cent for Arts chun ealaín phoiblí agus láthair ealaíne poiblí a spreagadh tuilleadh chun gur féidir na féidearthachtaí ealaíonta a bhaineann le hinfheistíocht an Rialtais inár n-infreastruchtúr faoi Thionscadal 2040 a fhíorú go hiomlán.

Tá comhpháirtíochtaí cruthaitheacha idir gnólachtaí agus na healaíona á gceiliúradh ag Dámhachtainí Business to Arts Allianz le 27 mbliana - agus iad ag lorg agus ag tabhairt aitheantais do ghnólachtaí, ealaíontóirí agus eagraíochtaí, a bhfuil caidrimh eatarthu a théann chun tairbhe gach páirtí, ar fud na sochaí. Tugann na Dámhachtainí aitheantas do na heiseamláir is fearr atá ann de chaidrimh urraíochta, coimisiúnú, meantóireacht, oiliúint, rannpháirtíocht foirne, tionscnaimh FCS agus rannpháirtíocht phobail trí mheán na cruthaitheachta.