Foilsithe ar 

Dearbhaíonn infheistíocht bhreise ón Rialtas chun leathnú trasteorann 13km Chanáil Uladh a fhorbairt

D'fhógair an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Josepha Madigan, i gcomhar leis an Aire Heather Humphreys, inniu (Dé hAoine) gur cheadaigh an Rialtas forbairt 13km Chanáil Uladh ó Loch Éirne Uachtair go Cluain Eois mar áis fóillíochta. 

Chuir an Rialtas an mhí seo caite a shéala le saoráid nua spóirt agus fóillíochta uisce i gCluain Eois agus d’athgheall sé go bhforbrófaí síneadh trasteorann 13km faoi phlean Thionscadal Éireann 2040, sa chatagóir Infheistíocht inár gCultúr, Teanga agus Oidhreacht. Beidh an áis nua seo mar thacaíocht mhór turasóireachta agus fóillíochta don cheantar, agus is cuid de thiomantas leanúnach an Rialtais infheistíocht a dhéanamh sa réigiún teorann roimh dhúshlán Brexit.

Leanann an obair freisin ar phíosa 2.5 km ó Loch Éirne i gContae Fhear Manach go Caisleán Shaunderson i gContae an Chabháin. Tá sé seo á athfhorbairt mar ‘Blueway’ le cosán tarraingthe na canála a oscailt do choisithe agus do rothaithe; osclaíodh an chanáil í féin d’árthaigh fóillíochta.

D’fháiltigh an tAire Madigan roimh cheadú an Rialtais don chéad chéim eile i bhforbairt Chanáil Uladh. Ag labhairt di ag an ócáid, dúirt an tAire:

Is cúis áthais dom bheith i láthair anseo i gCluain Eois inniu don fhógra speisialta seo. Is tosaíocht dom féin agus mo Roinn dul chun cinn a dhéanamh ar fhorbairt áis Chanáil Uladh. Tá áthas orm go bhfuil an chéim leanúnach athchóirithe ó Loch Éirne Uachtair go Caisleán Shaunderson le bheith críochnaithe sa dara leath den bhliain seo.

Beidh toradh inláimhsithe ar fhorbairt áis an teascáin den chanáil go Cluain Eois mar thoradh ar an tiomantas i bplean Infheistíocht inár gCultúr, Teanga & Oidhreachta 2018-2027 chun ár n-oidhreacht nádúrtha a chosaint anois agus do na glúine atá le teacht.  Rachaidh an infheistíocht chriticiúil seo i gCanáil Uladh agus inár n-uiscebhealaí inseolta intíre chun sochair do phobail tuaithe agus do thurasóireacht náisiúnta araon.

Ag labhairt di inniu, dúirt an tAire Humphreys:

Is cúis mhór áthais dom go bhfuil athnuachan Chanáil Uladh ó Chaisleán Shaunderson go Cluain Eois ceadaithe ag an Rialtas. Is mór an tionchar a bhí ag na trioblóidí ar Chluain Eois agus lóchrann dóchais is ea tionscadal na Canála don bhaile le blianta fada anuas. Is mór an suntas a bhaineann leis, ní hamháin ó thaobh na dtairbhí eacnamaíocha a bhainfidh an réigiún teorann as ach ó thaobh síocháin agus athmhuintearas a chothú ar an oileán seo freisin.

Is ionadaí pobail don cheantar seo mé ó 2003 i leith, agus bhí an-áthas orm a bheith in ann tús a chur le céad chéim an tionscadail athnuachana in 2013 agus tá sé beartaithe go mbeidh na hoibreacha sin á gcríochnú in Iúil 2018.

Is é a bheidh i gceist le Céim 2 den athnuachan ná áis fóillíochta uisce a fhorbairt i gCluain Eois, agus áis turasóireachta iontach don bhaile a bheidh ansin.

Is mian liom aitheantas a thabhairt d’obair mo chomhghleacaí, an tAire Madigan, a aithníonn go hiomlán an tábhacht atá ag an tionscadal seo don réigiún teorann agus a bhfuil tiomantas a Roinne d’athnuachan na Canála deimhnithe aici sa Chlár Forbartha Náisiúnta. Déanfar an athnuachan seo go céimneach thar na blianta amach romhainn agus táim ag súil go gcuirfear tús leis an obair i gCluain Eois a luaithe agus is féidir.

Dúirt Dawn Livingstone, Príomhfheidhmeannach Uiscebhealaí Éireann:

Tá méadú mór tagtha ar líon na n-úsáideoirí áineasa agus turasóireachta inár n-aibhneacha go léir le blianta beaga anuas.  Spreagadh d’athghiniúint eacnamaíoch is ea soláthar conairí uiscebhealaí feabhsaithe i mórán ceantar tuaithe atá ag taithí anois gníomhaíocht áineasa agus turasóireachta méadaithe.   Tá breis deiseanna sláinte, dea-bhail agus sóisialta ann do mhuintir na háite freisin.  Fáiltíonn Uiscebhealaí Éireann roimh mholtaí do Chanáil Uladh.  I gcomhar le comhpháirtithe, táimid ag obair chun Loingseoireacht na hÉirne a leathnú go Caisleán Shaunderson agus an féarbhealach trasteorann idir Muineachán agus Ard Mhacha a sholáthar.  Is nasc breise í an fhorbairt i gCluain Eois sa slabhra chun an réigiún a bheochan agus a athghiniúint.

I dteannta na n-oibreacha atá molta ar an teascán 13km idir Loch Éirne agus Cluain Eois, tá Uiscebhealaí Éireann, i gcomhpháirtíocht le Comhairle Contae Mhuineacháin, Cathair Ard Mhacha, Droichead na Banna agus Comhairle Buirge Craigavon agus East Border Region Ltd. 22km d’fhéarbhealach feadh Chanáil Uladh idir na Mullaí, Co. Mhuineacháin agus Coillidh Chanannáin, Co. Ard Mhacha. Tá gníomhaíocht tógála an tionscadail cláraithe le tosú níos déanaí i mbliana.