Foilsithe ar 

Deontas Caipitil Breise níos mó ná €169,000 bronnta ar Áras Nua-Ealaíne na hÉireann chun Córas Bainistithe Bailiúchán a cheannach

Tá sé fógartha ag an Aire Meán, Turasóireachta, Ealaíon, Cultúir, Spóirt agus na Gaeltachta, Catherine Martin T.D., inniu go bhfuil maoiniú €169,740 ceadaithe d'Áras Nua-Ealaíne na hÉireann chun Córas Bainistithe Bailiúchán nua a cheannach.

 

Dúirt an tAire Martin inniu:

Tá an ealaín agus an cultúr ag croílár thaithí an duine, go háirithe ag an am dúshlánach seo.  Tá ríméad orm an maoiniú breise seo a fhógairt a chuideoidh leis an IMMA a straitéis dhigiteach a fheabhsú mar bhealach a chuirfidh feabhas ar an teacht atá ar na bailiúcháin taobh amuigh de na gailearaithe féin.

 

Tá an bailiúchán náisiúnta d'ealaín nua-aoiseach agus chomhaimseartha coinnithe in Áras Nua-Ealaíne na hÉireann agus cuireann sé spás iontach ar fáil ina ndéantar nasc idir an saol nua-aoiseach agus an ealaín nua-aoiseach agus ina dtugann siad dúshlán agus spreagadh dá chéile.

 

Tá deontas €169,740 le fáil ag Áras Nua-Ealaíne na hÉireann chun feabhas a chur ar a bhonneagar teicniúil trí infheistíocht a dhéanamh i gCóras nua Bainistithe Bailiúchán. Beidh an tionscadal seo ina phríomhchuid de straitéis dhigiteach an Mhúsaeim.