Foilsithe ar 

Deontas Caipitil breise níos mó ná €143,000 bronnta ar an gCeoláras Náisiúnta chun bonneagar físeáin a cheannach.

Tá sé fógartha ag an Aire Meán, Turasóireachta, Ealaíon, Cultúir, Spóirt agus na Gaeltachta, Catherine Martin T.D., inniu go bhfuil maoiniú €143,475 ceadaithe don Cheoláras Náisiúnta chun bonneagar físeáin do shruthú beo leanúnach a cheannach.

Is éard a dúirt an tAire Martin inniu:

Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh leis an gCeoláras Náisiúnta ar an bhfreagra nuálach atá tugtha acu ar an ngéarchéim agus tá ríméad orm an maoiniú breise seo a fhógairt a chuirfidh ar chumas an Cheolárais tuilleadh forbairt a dhéanamh ar an mbonneagar atá acu lena chinntiú go bhfaighidh an lucht spéise craoltaí den chaighdeán is airde. De  bharr go bhfuil srianta i bhfeidhm ar cheolchoirmeacha sa NCH mar gheall ar ghéarchéim Covid 19, is bealach nua a bheidh anseo chun na ceolchoirmeacha a chur ar fáil don lucht spéise.