Foilsithe ar
Deontas ceadaithe ag an Aire Stáit Kyne do Choláiste Chamuis, Ros an Mhíl
D’fhógair Seán Kyne, Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, inniu (18 Eanáir), go bhfuil deontas suas le €5,068 nó 50% den chostas iomlán, cibé acu is lú, ceadaithe aige do Choláiste Chamuis le cur ar chumas an Choláiste trealamh scannánaíochta, fuaime agus cosán rubair a cheannach.
Tá ráite ag an gColáiste go mbeidh an deontas seo ina chúnamh go háirithe agus an Coláiste ag iarraidh freastal ar níos mó scoláirí agus an Ghaeilge á cur chun cinn acu i measc scoláirí idir óg agus aosta ó cheann ceann na bliana. Beidh ábhar an deontais chun tairbhe mhuintir an cheantair féin a chuireann gníomhaíochtaí trí Ghaeilge ar siúl sa halla.
Is i gcomhréir leis an ngealltanas atá tugtha i leith an Chláir Tacaíochtaí Pobail agus Teanga faoi ghníomh uimhir 2.13 agus 2.22 de Phlean Gníomhaíochta 2018-2022 an Rialtais don Ghaeilge, a seoladh i Meitheamh 2018, atá an deontas seo á cheadú,
a dúirt an tAire Stáit agus é á fhógairt.
Dar ndóigh, tá mo Roinnse ag obair i gcaitheamh an ama i dtreo a chinntiú go bhfuil comhtháthú ann idir eagraíochtaí áitiúla, feidhmiú na bpleananna teanga agus feidhmiú an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022,
a dúirt sé.
Is sa chomhthéacs sin gur thapaigh muid an deis an comhtháthú seo a dhaingniú i leith Coláiste Chamuis.
Lean sé air ag rá go raibh sé ag súil go mbeadh an deontas seo ina chúnamh don choláiste páirt ghníomhach a ghlacadh sa phróiseas pleanála teanga chomh maith leis na gnáthghníomhaíochtaí agus imeachtaí a bhíonn idir láimhe acu a chur i gcrích.